Tá sé fógraithe ag Meta ar leo ardáin mheáin shóisialta ar nós Facebook agus Instagram go mbeidh siad ag úsáid ábhar a chuireann daoine in airde ar a gcuid ardáin le hoiliúint a chur ar an intleacht shaorga nó AI a bhíonn in úsáid acu.
D'éirigh leis an ghalfaire cáiliúil as Ard Mhic Nasca i gContae an Dúin, Rory McIlroy Corn na Máistrí in Augusta i Georgia, Mheirceá a bhaint aréir nuair a fuair sé an ceann is fearr ar an Sasanach, Justin Rose.
Thug an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers le fios inné go bhféadfadh sé nach dtabharfaí an t-ardú ar an íos ráta páigh isteach chomh scioptha agus a bhí súil acu leis, le nach gcuirfear tuilleadh brú ar lucht graithe. Tá an fógra cáinte go láidir ag páirtithe an fhreasúra.