Tá toscaireacht as na Stáit Aontaithe ag cur tús inniu le sraith cruinnithe san Eoraip le plé a dhéanamh ar na táillí breise trádála, cúrsaí cosanta agus an cogadh san Úcráin.
Tá cáineadh forleathan á dhéanamh ar thuarascáil Farrelly, an tuarascáil a foilsíodh inné faoi líomhaintí gur dearnadh mí úsáid, fhisicúil, gnéis agus eile ar bhean óg faoi mhíchumas le linn na mblianta fada a raibh sí ar altramas.
Tá moltaí úra déanta ag Iosrael ar shos cogaidh i nGaza ach táthar á thuairisciú go bhfuil na moltaí diultaithe ag Hamas cheana féin de bharr éileamh atá déanta ag Israel go dtabharfadh Hamas a gcuid armlóin ar lámh.
Léiríonn suirbhé nua ó Chumann na Meánmhúinteoirí agus RedC go mbeidh dúshláin go leor le sárú ag scoileanna nuair a chuirfear tús leis an leagan amach nua ar scrúdú na hArdteiste sa bhFómhar.
9 min
About Nuacht a hAon
From the publisher's feed
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.