Tá sé dá thuairisciú ag an nuacht áisíneacht ‘Bloomberg News’ go bhfuil an comhlacht Intel le h-aghaidh 20% dá gcuid oibrithe a scaoileadh chun bealaigh. Is ábhar imní an scéal i gContae Chill Dara, áit a bhfuil 4,900 oibrí fostaithe ag an gcomhlacht i Léim an Bhradáin.
Tá amhras anois faoi an é John Finucane, an Feisire Parlaiminte as Béal Feirste agus an dlíodóir cearta daonna aitheanta a chuirfidh Sinn Féin chun cinn do thoghcháin Uachtarán na hÉireann i mí na Samhna.
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta - Marion Ní Shúilleabháin. Nuacht an Tuaiscirt - Caoimhe Ní Chonchoille. Nuacht an Iarthair - Paddy Ó Gríofa. Nuacht an Deiscirt - Conn Ó Muíneacháin.
Tá sé deimhnithe ag Údaráis na Vatacáine gur ar an Satharn seo chugainn ag an 9 a chlog ar maidin, am na Róimhe a léifear Aifreann sochraide an Phápa Proinsias. Eisíodh ar maidin na treoracha a thug an Pápa dá chuid socraithe sochraide, é ag iarraidh cinntiú go mbeadh siad coinnithe simplí.
Deir an tAire nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ag cuir aon bhac ar an Údarás aon tuairisc atá acu faoi chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a fhoilsiú. Tá an tAire Calleary ag lorg cruinniú láithreach leis an Aire Tithíochta James Brown le ceist na dtreoir línte pleanála Gaeltachta agus Tuaithe a phlé leis.
Ar maidin, dúirt an tAire Oideachais go mbeadh sí ag bunú ‘Comhdháil Náisiúnta Oideachais’, le n-éisteacht le éilimh na h-earnála. An bhfáiltíonn Cumann Múinteoirí Éireann roimh a leithid?
Deir an Coimisiún Meabhair-Shláinte go bhfuil géar ghá le seirbhísí breise cúraim agus tacaíochta sláinte mheabhrach i rannóga éigeandála na n-ospidéal ar fud na tíre.
Tá an ráta úis gearrtha arís eile ag Banc Ceannais na hEorpa, an 6ú uair acu an ráta a ghearradh ó mhí Meitheamh seo caite. Cuirfear an-suim sa méid a bheidh le rá ag uachtarán an Bhainc Christine Lagarde ar an tionchar fad-téarmach a bheidh ag bagairtí Donald Trump na táillí trádála a ardú ar an Eoraip.
8 min
About Nuacht a hAon
From the publisher's feed
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.