Tá comhdháil bhliantúil Chumann Dochtúirí Éireann ar siúl i gCill Airne inniu. Ar cheann de na príomhábhair atá á bplé tá an moladh atá déanta ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, go mbeadh dochtúirí comhlaireacha ar fáil seacht lá na seachtaine.