Ar maidin sheol Teachtaí Dála agus Seanadóirí de chuid Fhianna Fáil suirbhé a bheidh mar chnámh droma d’fheachtas chun tacú le tuismitheoirí a gcuid gasúir a chosaint ar líne.
Mar gheall ar pholasaí an Uachtaráin Trump táillí breise trádála a ghearradh ar chomhlachtaí atá ag díol táirgí ar fud Mheiriceá cén tionchar atá ag a théarma oifige ar gheilleagar ní amháin na Stáit Aontaithe ach ar fud na cruinne?
Aréir i Michigan thug Donald Trump aitheasc inar tharraing sé aird ar na 100 lá atá bainte amach aige mar Uachtarán na Stáit Aontaithe, é ag rá nach raibh tús téarma chomh rathúil riamh ag aon Uachtarán de chuid na Stáit Aontaithe. Tá na pobalbhreitheanna ar mhalairt tuairme.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Marion Ní Shúilleabháin Nuacht an Deiscirt Conn Ó Muíneacháín Nuacht an Tuaiscirt Caoimhe Ní Chonchoille Nuacht anIarthair Séamus Ó Scanlaín.
Le linn dhíospóireacht na gCeannairí sa Dáil déanadh go leor cíoradh ar cheapadh Brendan McDonagh, cathaoirleach na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní mar cheannasaí rannóige nua a fhéachas le aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim lóistín atá sa tír.
Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí gur fiosrúchán coiriúil atá idir lámha acu anois maidir leis an bhfeirmeoir Michael Gaine as Contae Chiarraí atá ar iarraidh anois ón 21ú Márta.
Ar maidin, tugadh tuairisc Ombudsman na bPóilíní ar lámh do ghaolta na ndaoine a maraíodh san ionsaí a déanadh ar oibrithe Protastúnacha ar an Sruthán, i ndeisceart Ard Mhacha tá beagnach 50 bliain ó shin.
I gCeanada, tá an Príomh Aire Mark Carney ag maíomh go bhfuil an t-olltoghchán buaite ag a pháirtí; An Páirtí Liobrálach cé nach mbeidh móramh iomlán acu agus go mbeidh siad ag braith ar thacaíocht páirtithe eile.
3 min
About Nuacht a hAon
From the publisher's feed
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.