Tá imní á léiriú go hidirnáisiúnta faoin bhfógra atá déanta ag Iosreal go bhfuil siad ag dul ag neartú ar a gcuid ionsaithe i nGaza agus é d'aidhm acu ceannas a fháil ar an réigiún uilig.
Níor éirigh le ceannaire an pháirtí an CDU, Friedrich Merz a dhótháin vótaí a fháil le mórámh a fháil sa bparlaimint ionas go bhféadfaí é a inshealbhú mar sheansailéar.
Tráthnóna inné chuir Ceannasaí NAMA, Brendan McDonagh, é fhéin as an áireamh le haghaidh ról an phríomhfheidhmeannaigh ar an Oifig Gníomhúchtúcháin Tithíochta nua atá le bunú ag an rialtas.