Deir rialtas na Pacastáine gur mharaigh ionsaí aeir a rinne an India ar an tír sé nduine fhichead agus tá rialtas na h-India ag rá gur mharaigh buamáil Pacastánach deichniúr dá gcuid daoine féin. Go h-idirnáisiúnta, tá an-imní anois go bhféadfadh an teannas dul in olcas, go h-áirithe mar gheall ar airm núicléacha a bheith ag chaon thír.