Tá foláireamh tugtha ag an Rúis go gcuirfidh siad cosa i dtaca má chuirtear saighdiúirí ón iasacht isteach san Úcráin. Rinne siad an ráiteas tar éis do thoscaire Mheiriceá, Steve Witkoff a theacht go Moscó ar maidin le plé a dhéanamh leis an Uachtarán, Vladimir Putin faoin moladh go mbeadh sos comhraic san Úcráin ar feadh míosa.