Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh faoin Ucráin i bPáras na Fraince inniu. Pléifear na bealaí ina bhféadfaí maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí slándála san Ucráin dá mbeadh sos cogaidh sa tír.
Tá an freasúra ag rá nach bhfuil siad ag iarraidh cur as d’obair na Dála ach níl sé i gceist acu géilleadh ‘den bheag is fiú’ a deir siad atá dá dhéanamh ag an rialtas orthu.
Sa mBreatain, tá sé fógartha ag an seansailéara Rachel Reeves go mbeidh an rialtas ag gearradh 15% de bhuiséad na Stát Sheirbhíse. Baineann an ciorrú le athbhreithniú atá dá dhéanamh ag an rialtas ar chaiteachas san earnáil phoiblí.