D'fhreastal Storm Eaton-Kilgallen ar an ócáid seo agus labhair sí le Moya Ní Dhubhgáin, eagarthóir na hócáide chomh maith le Grace Ní Mhealláin, dearthóir faisin óg as Béal Feirste.
Labhrann sí faoin gcaoi ar thosaigh sí ag casadh agus ag cumadh ceoil, faoin mbaint atá le togra nua de chuid na féile IMRAM - Amhráin na Gealaí: Tionscadal Phoebe Bridgers agus casann sí dhá amhrán dúinn.
Ag labhairt linn faoin ngléas cliste ceoil atá forbartha aige in iarracht cumarsáide a dhéanamh le eachtrannaigh beaga ar phlainéid eile. Tá sé seo déanta aige mar thionscadal dá chúrsa ollscoile i gceol triallach.
Ag labhairt faoin ócáid filíochta atá eagraithe acu mar chuid d'fhéíle bhia an Daingean, sin é Guthanna ó Ghaza le filithe as Éirinn agus an Phailistín, mar Faress Arafat.
Ag caint linn faoin gcaoi go mbeidh sí ag damhsa ag an ócáid oscailte anocht don fhéile chomh maith le insint dúinn faoina leathanach ar instagram The Gaeilge Guru.
Ag labhairt faoin bhfear láidir sa Éigipt a tharraing bád lena chuid fiacla, faoi aisteoir Intleachta Shaorga Tilly Norwood agus má tá nimh sa bhfeoil agat do dhuine, an gcoinníonn tú greim láidir ar sin?