Ag labhairt faoin bhféile, an méid a bheidh ag tarlú, cosán na mblaisíní agus an chaoi a bhfuil iarracht á dhéanam acu a bheith go hiomlán saor ó dhrámaíl i mbliana.
Ag caint faoin gcaoi ar bhuaigh siad duais le dhá lá anuas dá gcuid fuisce nua agus labhraíonn siad freisin go ginearálta faoin drioglann agus na táirgí a dhéánann siad.
Ag tabhairt a dtuairimí dúinn faoi céard a theastaíonn uathu i mbuiséad 2026 agus faoi na tréithe, dar leo, ar cheart a bheith ag Úachtarán na tíre, ós rud é feachtas na hUachtarántachta tosaithe go hoifigiúil.
Ag caint linn faoi scéalta aisteacha na seachtaine agus insíonn Méin dhúinn cén chaoi ar éirigh léi i ndúshlán na míosa agus í ag iarraidh déanamh gan siúcra ar feadh coicíse.
Ag labhairt linn faoin gcaoi a bhfuil siad tar éis comharthaí QR a chrochadh sa zú le go mbeadh rochtan ag daoine bodhra ar eolas faoi na hainmhithe uilig. Rinne siad é i gcomhpháirtíocht leis an gcarthanacht, Chime, mar gur Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar é.