Buaiteoirí na gComórtas Liteartha don Scríbhneoir Óg 2021 a bheidh le cloisteáil san eagrán seo den phodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha.
Ar dtús, tá réamhrá againn ó Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir, agus ansin beidh scoth na scríbhneoirí ó mheánscoileanna agus ó institiúidí tríú leibhéal éagsúla ag léamh a gcuid saothair bhuacacha.
Is léir go bhfuil féith na cruthaíochta acu go léir agus is cinnte go mbeidh tuilleadh dá gcuid saothar á léamh againn amach anseo má gcloíonn siad leis an gceird.
Déanaimid comhghairdeachas arís leo as na duaiseanna a bhuaigh siad i mbliana.
Sa chuid seo, cloisfidh tú;
An Coimisinéir Gramadaí le Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí (Comórtas B5)
Athrú Tobann le Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Co. Bhaile Átha Cliath (Comórtas B5)
agus Toirtín le Éadaoin Ní Dhomhnaill, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe (Comórtas B6)
An Chaora le Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí (Comórtas B7)
Tuar na hAimsire le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí (Comórtas B8)
agus An Préachán le Méabh Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí (Comórtas B8)
Tá súil againn go mbainfidh sibh ar fad taitneamh as an eagrán speisialta seo.
Nollaig Shona agus bliain nua faoi mhaise daoibh go léir!
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.