Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
FAQs about Siúlach Scéalach:How many episodes does Siúlach Scéalach have?The podcast currently has 921 episodes available.
April 06, 2015Éirí Amach na Cásca 1916 - Séamus Ó TallúinSéamus Ó Tallúin ag déanamh cur sios do Phroinsias MacAonghusa ar mar a chonaic sé féin imeachtaí i mBaile Átha Cliath. Taifeadadh 1966....more8minPlay
April 06, 2015Éirí Amach na Cásca 1916 - Liam Ó BriainLiam Ó Briain ag caint le Proinsias MacAonghusa fá imeachtaí an Éirí Amach 1916 i mBaile Átha Cliath. Taifeadadh 1966....more7minPlay
April 06, 2015Éirí Amach na Cásca 1916Muircheartach Ó Dubhghaill ag déanamh cur síos ar an phairt a bhí ag Rogeer Casement agus Robert Monteith san Éirí Amach. Taifeadadh 1966....more6minPlay
April 06, 2015Siúlach Scéalach 060415 Éirí Amach na Cásca 1916Risteárd Ó Glaisne ag caint sa bhliain 1966 fá chuspóirí Éirí Amach na Cásca 1916 bheith bainte amach....more5minPlay
March 30, 2015Siúlach Scéalach 30ú Marta 2015Proinsias MacAonghusa ag caint fá Chathair na Gaillimhe 1966. Ómós don Mhonsignsor Pádraig de Brún le Seán MacRéamoinn 1960. Seán MacRéamoinn agus a chairde ag cur síos ar an Mhonsignor Pádraig de Brún sa bhliain 1960 ansin. Anois ar na moillibh mar a bhí mé a’ rá bhí mé ag éisteacht le tuilleadh ábhair ón Rinn agus tháinig mé trasna ar an sliocht seo as óráid phoiblí a rinne duine inteacht fá cheist labhairt na Gaeilge agus an rud a tharlaíonn i dtólamh ‘sé sin má bhíonn deichniúr ag caint le chéile agus Gaeilge ar a dtoil ag naoúr agus gan aon Ghaeilge ag an deichiú duine nó é nó í bheith ar bheagán go rachaidh achan nduine i muinnín an Bhéarla. Anois níl an chaint iomlán ann ach bhéarfaidh sin comhthéacs dúinn agus níl ainm an duine atá ag caint agam ach ach an oiread. Má thig le duine ar bith ainm a chuir leis bheinn buíoch agus ó tharla go bhfuil sé ar théip le hábhar a taifeadadh sa Rinn b’fhéidir gur san áit chéanna a taifeadadh an mhír seo sa bhliain 1961 agus [email protected] mo sheoladh r phoist. Domhnall Ó Dubhda ag caint fá na hÓglaigh i gceantar Chorca Dhuibhne ag toiseacht amach anseo mar a bhí siad sa bhliain 1914....more59minPlay
March 23, 2015SIúlach Scéalach 23ú Márta 20151. Dónall Ó Cadhla agus Pádraig Tyers sa Rinn 1961. Caitlín Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair ag caint ar an tsagairt ‘Ac Pháidín agus Cogadh na Talamh agus Conradh na Talún fá lán tseoil ag deireadh an naoú aoise déag. Caitlín Nic Giolla Bhríde agus an tAthair Cathal Ó Fearraí ansin sa bhliain 1973 agus bhí mé ag léamh i nótaí Ph Uí Ch gur húsáideadh daoine cosúil leis an tAthair Ó Fearraí i bhfad níos mó le míreanna a sholáthair do chláracha Gaeilge ar RÉ nuair a thosaigh RnaG ar mhaithe le hairgead a spáráil. Bhuel luaigh Caitlín an cigire Máirtín ansin agus tá an scéal fá mharú An Mháirtíniugh agus é ag iarraidh an sagart ‘Ac Pháidín a ghabháil i ndéidh aifrinn i nDOirí Beaga sa stair agus seanchas i nGaoth Dobhair go fóill agus seo seoid bheag duit ...amhrán fán mharú féin agus dearcadh na ndaoine ina leith ceolta ag Frank Lunny i mBéarla agus b’é Seán Ó Baoill agus Peter Kennedy de chuid an BBC a thaifead agus seo leagan giorraithe den amhrán as siocair é bheith i mBéarla agus ní chuireann sé aon fhiacail ann. Frank Lunny ansin. Bhuel anois marú eile a bhaineann le cúrsaí polaitiúla na tíre seo. Ar an 10ú de mhí an Mhárta 1971 maraíodh triúr saighdiúr de chuid Airm na Breataine i mBéal Feirste. Is cosúil gur mealladh amach as teach tabhairne iad agus maraíodh iad cé nach raibh siad ar dhualgas. Ag an am phléigh cláracha cúrsaí reatha i nGaeilge ar Radio Éireann ábhar mar seo cé go m’fhéidir nach raibh daoine áirthid go hiomlán sásta leis agus seo mar an diospóireacht idir Liam MacReachtainn ó Cho an Dúin a chaith seal i bpríosún ó thuaidh agus a d’fhoghlaim Gaeilge ann agus Séamus Ó Néill scríbhneoir agus iriseoir ó Cho an Dúin fosta agus Diarmuid Ó Muirithe mar chathaoirleach anseo lá i ndéidh don eachtra a tharlú. Cúrsaí suaite ó thauidh ansin ón bhliain 1971. Agus le deireadh a chuir le cúrsaí inniu Séan Ó Conghaola a bhfuil aithne mhaith againn air ón tsraith seo agus eile ó Chois Fharraige ag caint le Proinsias Ó Conluain sa bhliain 1969 fá Rasaí na Gaillimhe, rásaí curach agus eile....more1hPlay
March 09, 2015Brian Ó Gallchóir Árainn Mhór Dhún na nGall.Brian Ó Gallchóir ó Árainn Mhór ag ceol "Ar Bhruach na Finne". Proinsias Ó Conluain a thaifead 1977....more4minPlay
March 09, 2015Glór-Réim Chumann Lúthchleas Gael 1966Bryan MacMahon, cumadóir, Mairtín Dempsey, stiúrthóir, ag caint fá Ghlór-réim Chumann Lúthchleas Gael a bhí mar chuid de chomóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca 1916....more13minPlay
March 09, 2015Donnchadh Ó Floinn - Filí na hAithríAn tAthair Donnchadh Ó Floinn ag caint ar na filí Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Pádraig Duinn agus Micheál Óg Ó Longáin sa bhliain 1958....more28minPlay
March 09, 2015Risteárd Turraoin agus Peig Uí RiagáinRisteard Turraoin ón Rinn ag caint ar an dá reilg atá san áit agus peig Uí Riagáin ag aithris "Na Prátaí Dubha". Padraig Tyers a thaifead 1974....more15minPlay
FAQs about Siúlach Scéalach:How many episodes does Siúlach Scéalach have?The podcast currently has 921 episodes available.