Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
FAQs about Siúlach Scéalach:How many episodes does Siúlach Scéalach have?The podcast currently has 921 episodes available.
February 23, 2015Siúlach Scéalach 23ú Feabhra 20151. Risteárd Ó Glaisne agus Liam Ó Luanaigh ag plé 'Rialtas áitiúil' agus údarás Gaeltachta sa bhliain 1971 le Diarmuid Ó Muirithe. 2. Séamus Ennis i mbun taifeadh agus comhrá anseo le Seán Ó hEochaidh i dTeileann sa bhliain 1949. 3. Conal Ó Beirn ar an ócáid chéanna sa bhliain 1949. 4. Mír ón tsraith Nuacht Anall Nuacht Abhus - cur síos ar chúrsa Gaeilge i gCOláiste Talmhaíochta na Sailéiseach i gCo na Mí ansin ón bhliain 1960. 5. Giota as comhrá a bhí ag Breabdán Feiritéar le Pedar Shéain Ó Domhnaill ón Cheathrú Rua ag tús na 80adaí. Peadar Sheain Ó Domhnaill agus Breandán Feiritéar ansin. Agus anois giota cainte a chuireas iontas ar dhaoine....... comhrá fá áiseanna frithghiniúna i nGaoth Dobhair sa bhliain 1971 – Dia idir muid agus droch rudaí an tsaoil seo..........ní raibh a leithéidí ann....tá fhios agamsa mar go raibh mé á gcuartú....bhuel bhí é ró-óg sa bhliain 71 ach cúpla bliain ina dhéidh sin..... agus ní raibh aon dath le fáil go dtí gur thosaigh Rónán Mac á scaipeadh ag an Chabaret Creaiceáilte blianta ina dhéidh sin . Ach seo mar a bhí an scéal ar an chlár cúrsaí reatha le Diarmuid Ó Muirithe sa bhliain 1971. Caitlín Nic Giolla Bhríde agus Seamus Ó Colla ansin .....agus bíonn Caitlín minic go leor ar an chlár seo mar staraí áitiúil den scoth a bhí innti agus cluinfidh muid uaithi arís. Agus le deireadha chuir le cúrsaí inniu Maggie McGiff ó Bhéal Easa CO Mhaigh Eo bag comhrá le Pádhraic Ó Catháin sa bhliain 1982 don chlár Tuairisc....more11minPlay
February 16, 2015Siúlach Scéalach 16ú Feabhra 2015An file Máirtín Ó Direáin ag cur síos ar a shaol agus a shaothar do Phroinsias Ó Conluain, Ultan Macken, Proinsias MacAonghusa. Dánta dá chuid á n-aithris aige ón chéad taifeqad a rinne sé ar Árainn 1949....more59minPlay
February 09, 2015Scoil Éigse agus Seanchais Chonamara 1973Míreanna as Scoil Éigse agus Seanchais Chnamara sa bhliain 1973 a tionóladh i gCorr na Móna. Dánta ó Mháire Ní Ghiobúin ó Ros Muc agus Joe "Steve" Ó Neachtain An Spidéal, Bairbre agus Nóra Ní Cheoinín ó Leitir Ard le hagallamh beirte, Liam Ó Donncha agus Oilibhéar Ó hEidhin ag caint fá eagrú na scoile agus amhrán ó Mháire Ní Scolaí....more15minPlay
February 09, 2015Scéalta agus seanchas ó Mhaigh Eo 1949Micheal Ó Corrdubh ó Ros Dumhach agus Micheál Ó Dochartaigh agus cúpla duine eile ag inse scéalta agus ag seanchas le Séamus Ennis sa bhliain 1949...more15minPlay
February 09, 2015Siúlach Scéalach 9ú Feabhra 2015Ceist na Gaeilge ó bunaíodh an stát sa bhliain 1922 á plé ag Aindreas Ó Gallchobhair agus Breandán Ó hEithir sa bhliain 1970. Earnán de Blaghd agus Pádraic MacDOnncha ó Rath Cairn páirteach sa chlár....more28minPlay
February 02, 2015Dán Bhríd NaofaDán Bhríd Naofa á cheol ag Cór Ord an Spiaraid Naoimh sa bhliain 1961 do Radio Éireann...more5minPlay
February 02, 2015Árainn Mhór agus Baile na Finne1. "Amhrán Pheadair Bhreathnaigh" á cheol ag Seán agus Séamus MacAoidh ó Bhaile na Finne agus Brian Ó Gallchóir ó Oileán Árainn Mhór ag caint fán amhrán agus mórán eile. 2. Máire Uí Shé Oileán Dhairbhre le scéal fán Ghobán Saor....more24minPlay
February 02, 2015Siúlach Scéalach 2ú Feabhra 20151. Pádraig Breathnach ó Mhíleac Co. Mhaigh Eo ag ceol Cill Aodáin. 2. Scéalta agus seanchas fá Naomh Bríd ó: Micí Sheáin Néill ó Baoill, Seán Ó Conghaile agus Donncha Ó Drisceoil, Seán Ó hEochaidh, Bryan MacMahon,...more31minPlay
January 26, 2015Siúlach Scéalach 26ú Eanáir 2015an státseibhíseach agus scríbhneoir Leon Ó Broin ag cur síos do Phádraig Ó Méalóid ar na cuimhní atá aige ar Radio Éireann ón chéad lá a bunaiodh é mar 2 RN sa bhliain 1926....more57minPlay
January 19, 2015Fionán MacColuim agus Máirín Ní ShúilleabháinFionán MacColuim agus Máirín Ní Shúilleabháin ag ceol agus ag seanchas sa bhliain 1962....more15minPlay
FAQs about Siúlach Scéalach:How many episodes does Siúlach Scéalach have?The podcast currently has 921 episodes available.