‘Sé do bheatha isteach ag clár eile sa tsraith Siúlach Scéalach agus is i dTír Chonaill is mó a bheás muid inniu agus duine ar bith a bhíonns ag éistacht le clár Rónáin Mhic Aodh Bhuí seans gur mhoithigh siad an bhean seo Máire Nic Eachmharcaigh as Crolly ag ceol ó thaifead a déanadh dithe sa bhliain 1955 agus ag caint le Rónán as San Francisco áit a bhfuil corradh le leath-chéad bliain caite aici ann . Taifeadadh í sa bhliain 1955 nuair a bhí Proinsias Ó Conluain agus an tAonad Taistil fá Rann na Feirste, Gaoth Dobhair agus Baile na Finne agus chomh maith leis sin tá pictiúr galánta de Mháire agus Proinsias a thóg Johnny Spillane an t-innealltóir fuaime ar an turas agus chonaic go leor daoine é ar facebook agus twitter agus mar sin de. D’aimsigh mé féin na taifeadaí agus b’fhéidir go bhfaigheadh muid tuilleadh amach asneo......agus seo ceann de chuid amhrán Mháire. Máire Nic Eachmharcaigh ansin. Agus tá an cnuasach beag amhrán de chuid Mháire a d’aimsigh mé ag RnaG i nDoirí Beaga agus tá mé iontach buíoch do Rónán agus Emer a rinne obair mhór le fail i dteagmháil le Máire agus na daoine a chuir ainmneacha ar chuid den mhuintir atá sna pictiúirí. Bhuel anois go Toraí agus roinnt daoine ag caint liom fá úir Thoraí agus an dóigh a choinníonn sí iascairí slán ar an fharraige agus go ndíbríonn sí luchógaí móra de thairbhe mé bheith ag caint le Rónán fá dtaobh de. Agus chuir mise giota fá úir Thoraí ar Taispeántas nó Exhibition mar a thugtar orthu ar shuíomh idirlín rte. Tá nasc ansin a thabharfas fhad le archives tú agus tchífidh tú na taispeántais. An rud atá i gceist leofa seo ná go ndírítear aird ar dhaoine cáiliúla, ócáidí cáiliúla agus mar sin de má tá agallaimh nó caint uafu ar an radio nó teilifís. Dírítear ar na míreanna is tábhachtaí le cur ar taispeáint agus bíonn pictiúirí ann, fuaim ón radio má’s ann dó. De ghnáth is blúirí gairide a bhíonn le cluinstin ar an suíomh mar is don ghnáth phobal é ach ansin tá breis eolais ar fáil má gníonn tú scrolling síos fríd na suíomhanna. An rud a bhfuil Séamas Uilliam MacRuairí ag déanamh tagairt dó anseo fán bhean nó an nun ón Ind atá curtha ar an oileán tá sé sa tseanchas i dToraígh go dtainic seachtar de chlann rí na Hindia no na hiOrruaí i dtír i dToraí in aimsir Cholm Cille mar go raibh cáil mhór air ar fud an domhain de thairbhe na Críostaíochta....ach bathadh iad agus iad ag iarraidh a theacht i dtír seisear gasúr agus girseach amháin agus tugtar scoilt an Mhuirsheisear nó seachtar ar an áit a báthadh iad. Is as poll sa bhinn in aice le Muirheisear a thógtar an úir áit a bhfuil an bhean Indiach curtha. Seo mar sin Séamus William agus Willie Ó Dubhgáin ag caint fán ábhar seo. Séamus agus Willie. Séamus Uilliam Mac Ruairí agus Willie Ó Dubhgáin ansin...agus má tá fáil agat ar facebook nó twitter ar shuíomh RnaG tá pictiúr iontach ansin a thóg PÓC de Ned Nugent Ó Radio Éireann agus fear ó Thoraí agus iad ag taifeadh ceol na n-éanacha fá na beanna. Anois fuair mé amach fríd chlár Rónáin gur Willie Mary Bhilie Ó Dubhgain atá ar an fhear sin ach b’eisean a bhí ag caint ansin? Má thig leat cuidiu liom [email protected] . Agus anois amhrán eile ó Mháire Nic Eachmharcaigh. Máire Nic Eachmharcaigh ansin. Agus amhran nó dhó eile le theacht uaithi. Anois rud eile a dhéanfadh muintir Thoraí sa tsean-am ná éanacha agus coiníní a cheapadh fá choinne bia. Ribeadh éanacha a tugadh ar seo agus seo Hughie Dixon ag déanamh cur sí air do Phroinsias Ó Conluain ar an oileán sa bhliain 1956. Hughie Dixon ansin. Fear eile a taifeadadh sa bhliain 1956 ná Dónall MacRuairí agus rinne sé cur sios iontach ar an dóigh le currach a dhéanamh agus curraigh dá gcuid féin acu i dToraigh. Dónall MacRuairí ansin. Agus anois an t-amhrán deireannach ó Mháire Nic Eachmharcaigh. Máire Nic Eachmharcaigh. Anois rinne Jimmy Dixon cur sios do Phroinsias ar chaitheam aimsire ar an oileán agus gníonn sé tagairt anseo fosta do na curraigh chéaslaí a raibh Dónall MacRuairí ag caint fá dtaobh daofa.