Bunaíodh an nuachtán cailiúil Inniu sa bhliain 1943 agus sa bhliain 1948 rinne Proinsias Ó Conluain gné-chlár ghairid faoin nuachtán, ceann de na chéad chláracha faisnéise atá sa chartlann, agus stairiúil de thairbhe sin. Beidh roinnt den chlár sin le cluinstin ar Siúlach Scéalach inniu agus fosta daoine mór le rá a bhí páirteach in obair Inniu ag déanamh cur síos air sa bhliain 1968. Ina measc tá Ciarán Ó Nualláin (an chéad eagarthóir), Proinsias Mac an Bheatha, Anraí Ó Liatháin, Tarlach Ó hUid agus beirt de bhuaiteoirí Gradam Inniu, agus a mbeidh aithne ag éisteoirí RnaG orthu, Aogán Ó Muircheartaigh agus Seosamh Ó Cuaig.