Agus 90 bliain chomhair a bheith slánaithe ag an iris cháiliúil An tUltach, agus é faoi bhrú san am i láthair, tá cur síos ar bhunú na hirise sa chlár seo le guthanna daoine a bhí páirteach ann, agus ag scríobh dó, le cluinstin ó Chartlann Fuaime RTÉ. Ina measc tá Pádraig Mac Con Midhe, Niall Ó Dónaill, Séamus Ó Néill, Seosamh Ó Murchú agus Liam Ó Reachtain. B’é Proinsias Ó Conluain, nach maireann, a rinne na hagallaimh.