TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal

By TuairiscNewsPolitics
Download on the App Store

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal episodes

  • Tuairimí Toghcháin #09

    San eagrán iarthoghcháin seo de ‘Tuairimí Toghcháin’ pléann Cathal Mac Coille, Éamon Ó Cuív, Áine Ní Chiaráin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cé a bheidh sa chéad rialtas eile, na Gaeilgeoirí a bheidh sa chéad Dáil eile, cúrsaí pobalbhreitheanna, aireacht na Gaeltachta agus neart eile. Labhraíonn Éamon Ó Cuív chomh maith faoin uair a bhí sé ina aire rialtais agus é ag margántaíocht le Jackie Healy-Rae. Podchraoladh de chuid Tuairisc Ó Bhéal é ‘Tuairimí Toghcháin’. Tá tuilleadh scéalta ar www. tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge

    45 min
  • Tuairimí Toghcháin #08

    San eagrán deireanach de ‘Tuairimí Toghcháin’ roimh lá na vótála, pléann Breandán M Mac

    Gearailt, Máirín Ní Ghadhra, Donncha Ó hÉallaithe agus Seán Tadhg Ó Gairbhí
    cora an fheachtais agus a bhfuil i ndán dúinn nuair a bheidh an comhaireamh
    déanta. Pléitear chomh maith a imeallaí is a bhíonn an Ghaeilge i dtoghcháin.
    Déantar scagadh ar ghealltanais na bpáirtithe faoin teanga agus ar dhuáilcí
    shaol an pholaiteora. Mar chríoch, déantar anailís ar na figiúirí roimh lá na
    vótála agus déantar iarracht an cheist mhór a fhreagairt – cé a bheidh sa chéad
    rialtas eile. Podchraoladh de chuid Tuairisc Ó Bhéal é ‘Tuairimí Toghcháin’. Tá
    tuilleadh faoin toghchán ar www. tuairisc.ie

    54 min
  • Tuairimí Toghcháin #07

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’, sraith podchraoltaí ó 'Tuairisc ó Bhéal’, phléigh Breandán M Mac Gearailt le Dara Ó Cinnéide, Toiréasa Ferris agus Seán Tadhg Ó Gairbhí na torthaí ó phobalbhreith TG4 i ndáilcheantar Chiarraí agus an feiniméan Healy-Rae. An mórán mar a chéile a bheidh dáileadh na suíochán i gCiarraí? An údar díomá do Shinn Féin i gCiarraí torthaí na pobalbhreithe? Agus an mbeidh Teachta Dála go deo arís ag Gaeltacht Chorca Dhuibhne?

    36 min
  • Tuairimí Toghcháin #06

    I bhfochair Mhéabh Ní Thuathaláin ar an eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne agus an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne. Pléann an bheirt, a d’fhéadfadh a bheith ina n-airí Gaeltachta, nó airí stáit is dóichí, sa gcéad Rialtas eile, géarchéimeanna teanga agus tithíochta na Gaeltachta agus céard a d’fhéadfadh a bheith i ndán don teanga má éiríonn lena bpáirtithe san olltoghchán

    25 min
  • Tuairimí Toghcháin #05

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, pléann Cathal Mac Coille leis an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív torthaí phobalbhreith TG4 i Maigh Eo. An mbuafaidh Fianna Fáil an dara suíochán? An gcabhróidh lucht Fhine Gael le Sinn Féin? Labhraíonn siad chomh maith faoi na scéalta is déanaí ó fheachtas Olltoghchán 24

    28 min
  • Tuairimí Toghcháin #04

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire stáit Gaeltachta de chuid

    Fhine Gael, Dinny McGinley, an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an
    t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin. Agus an baol atá ann go mbeidh Fine Gael fágtha
    gan suíochán Dála sa chontae den chéad uair le 100 bliain, pléitear deacrachtaí
    an pháirtí i nDún na nGall chomh maith leis na scéalta is déanaí ó Olltoghchán
    2024

    49 min
  • Tuairimí Toghcháin#03

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Méabh Ní Thuathaláin tábhacht na ndísopóireachtaí teilifíse le heagarthóir agus léirmheastóir teilifíse Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt. Labhraíonn siad chomh maith faoi chur chuige na meán aimsir na dtoghchán, na meáin shóisialta agus na roghanna a bhíonn le déanamh ag na meáin Ghaeilge. 

    40 min
  • Tuairimí Toghcháin#02

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an léachtóir Norita Ní Chartúir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra

    54 min
  • Tuairimí Toghcháin #01

    Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Méabh Ní Thuathaláin le John Downing. Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal, sraith nua ag Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

    15 min

About TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal

From the publisher's feed

Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal – Tuairimí Toghcháin, sraith nua ag Tuairisc, an tseirbhís…