Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite - 15 Meán Fómhair 2026
    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil. Inár dteannta ar an gclár inniu bhí: Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Aengus Ó Snodaigh (Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt); Josephine O’Neill (Uachtarán, Macra na Feirme); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollscoil William Patterson New Jersey, údar agus tráchtaire);  Úna Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá). 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    1 hr
  • Tús Áite: Díospóireacht faoi Éire Aontaithe

    Dúirt an Taoiseach go bhféadfadh Sinn Féin comhghuaillíocht SF le páirtithe Náisiúnacha san Albain agus sa Bhreatain Bheag dochar a dhéanamh do chúis Éire Aontaithe. Phléamar an scéal seo le Aengus Ó Snodaigh, TD do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Painéal an Luain: Olltoghchán na Sualainne

    Tá páirtithe freasúra ar an eite clé beagáinín beag chun tosaigh ar pháirtithe an rialtais de réir torthaí sealadacha thoghchán na Sualinne. Pléadh an méid seo leis an bpainéal, agus le Dr. Greg Darwin, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoill Uppsala. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    12 min
  • Painéal an Luain: Éire Aontaithe i mbéal an phobail

    D'fhógair ceannairí Shinn Féin, an SNP, agus Plaid Cymru inniu go bhfuil "ré Westminster ag teacht chun deiridh" agus shínigh siad comhaontú atá dírithe ar bhrú a chur ar Shráid Downing reifrinn ar neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe a reáchtáil. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal sa stiúdieo.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Painéal an Luain: Ceanada agus an tAontas Eorpach

    Dúirt Príomh Aire Cheanada Mark Carney go bhfuil Ceanada ar lorg comhghuaillíocht ar leith leis an Aontas Eorpach ach nach bhfuil Ceanada ag lorg ballraíocht san Aontas, roinn an painéal a gcuid tuairimí ar an scéal. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    4 min
  • Painéal an Luain: Deireadh le taraifí ar Uisce Beatha

    Bhua bua mór ag Shane Lowry agus ag rialtas na hÉireann araon ar an ngalfchúrsa sa Dún Beag inné. Agus Lowry ag glacadh lena chíorann mar bhuaiteoir comórtas oscailte gailf na hÉireann d’fhógair Donald Trump go mbainfeadh sé taraifí ó uisce beatha na hÉireann. Phléamar an scéal leis an bpainéal.  

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    12 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

    Scéalta móra na seachtaine seo á phle againn le Emmet Ryan, Saor-iriseoir , agus Seán Ó Riain, Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  • Tús Áite: 9/11 á chomóradh

    Tá 25 bliain imithe ó ionsaithe 9/11, agus tá an lá tragóideach sin á chomóradh i Nua-Eabhrac inniu. Phléamar an scéal le duine a bhí ar an talamh ag an am, Is é sin Niall Ó Dowd, Foilsitheoir, iriseoir agus údar.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Tús Áite - 10 Meán Fómhair 2026
    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Aonghus Ó Lochlainn. Inár dteannta inniu bhí: Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Eoin Dillon  (píobaire); Seán Federico Ó Murchú (Eagarthóir Nuachta); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Leila Adelaide. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    1 hr