
Sign up to save your podcasts
Or


See omnystudio.com/listener for privacy information.
D’fhógair Coimisiún na Meán fiosrúchan ar an meán shóisialta X um thráthnóna maidir le himní go bhfuil ag teip air dearbhú aoise agus smacht tuismitheora a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Seo é an chéad fhiosrúchán de chuid Choimisiún na Meán faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne. Phléamar an scéal le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir, Cearta Digiteacha Éireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Oscailíodh doirse Ghaelcholáiste Synge i gcathair Bhaile Átha Cliath den chéad uair an tseachtain seo chaite, agus tús curtha le ré úr i stair an Ghaeloideachais in iarthar na cathrach. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille ann chun an scéal fhiosrú, agus labhair sé le Medb Ní Fheaghail, Príomhoide Tánaisteach na scoile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra idirnáisiúnta á phlé ar an gclár le Peadar De Blúit, Tráchtaire, agus Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is ag teacht le chéile Fhianna Fáil sa Tulach Mór i gCo Uibh Fhaillí atá an tAire Dlí agus Cirt agus an Taoiseach ag caint faoi na moltaí nua agus faoin laghdú ar iarrthóirí tearmainn.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bheadh ar dhaoine atá ag déanamh iarratas ar shaoránacht Éireannach Gaeilge nó Béarla a bheith acu faoi rialacha níos déine atá á moladh ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan. Dúirt an Taoiseach Míchéal Martin go mbeadh na rialacha nua ag teacht leis an gnáth cur chuige i dtíortha Eorpacha eile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an páirtí i bhfad ar dheis, Alternative für Deutschland (AfD), an-ghar do bheith ábalta rialtas a bhunú i stát Saxony-Anhalt in oirthear na Gearmáine tar éis dóibh teacht sa chéad áit ansin le 43.8% den vóta. Tá siad anois ag lorg tacaíochta ó pháirtithe eile le cathrú leo comhrialtas a chur le chéile. Diúltaíonn formhór páirtithe polaitiúla sa Ghearmáin comhoibriú leis an AFD.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent.
See omnystudio.com/listener for privacy information.