Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Mír na Meán

    Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC.

    Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo.  

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    11 min
  • Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht.

    Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sáraithe. Phléamar an scéal le Aedraen Ó Dubhghaill, feirmeoir i bPortlaoise. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Tús Áite: Rialacha nua e-scútair.

    Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Tús Áite: Ionsaí na nDrón i Leipzig

    Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis fios a chur ar ambasadóir na Rúise freastal ar chruinniú chun míniú a thabhairt ar thuairiscí faoi bhainta bheith ag an Rúis le hionsaí dróin ag aerfort Leipzig. Tá an tAontas Eorpach le gearán a dhéanamh leis an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Rúise sa Bhruiséil mar gheall ar an eachtra. Labhair muid le Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach d’Éire Theas Fine Gael.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tús Áite: Vóta Fórsa

    Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil  96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Tús Áite: Tithe Tábhairne na hÉireann i mbaol.

    Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

    Scéalta móra idirnáisiúnta á phlé leis an bPainéal Idirnáisiúnta: Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine, agus Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min