
Sign up to save your podcasts
Or


See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar an scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D’fhógair SIPTU go bhfuil a mbaill tar éis vótáil ar son cead a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch agus iad ag tairiscint pá níos fear dá mbaill san earnáil phoiblí. Bhí an scéal seo á phlé againn leis an bpainéal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh aisteoirí ó Chumann Drámaíochta, Ollscoil na Gaillimhe ag léiriú an dráma Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Aoir é Coinnneáil Orainn a dhéanann iniúchadh ar mheath na Gaeilge agus ar theipeanna pholasaithe teanga an stáit trí scéal chigire a bhíonn ag cuardach na gcainteoirí dúchais deireanacha. Phléamar é le Bláithín Ní Chatháin, Oifigeach Taibhealaíon Laighean, Oireachtas na Gaeilge, agus le Caoimhe Ní Chualáin, Stiúrthóir Coinneáil Orainn.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D’fhógair IFTA gur é an scéinséir Gaeilge Aontas rogha na hÉireann sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta sna hOscars i mbliana. Tá Aontas ag leanúint sna sála ar an Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán Oscar i 2023, agus scannán Kneecap, a bhain gearrliosta na nOscair amach i 2024. Bhí stiúrthóir an scannáin, Damian McCann, inár dteannta chun labhairt faoi.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tháinig an Dáil le chéile inniu – agus seomra na Dála lán go doras - i gcomhair vóta ar bheartas an Rialtais an ciorrú ar dhleacht breosla a shíneadh amach go mí na Samhna. Phléamar an méid a tharla ann le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra spóirt á chur i láthair ag Cuán Ó Flatharta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra nuachta á phlé le Cecilia Ní Choileáin, Abhcóide, agus Áine Ní Chiaráin, Trachtaire polaitíochta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar an 11ú Deireadh Fómhair anseo i mBaile Átha Cliath reachtálfar Gaelathon, an chéád rás trí Ghaeilge riamh! Seo rás 5 chiliméadar i bPáirc an Fhíónuisce, á reachtáil ag BÁC le Gaeilge, Club Reatha Céim ar Chéim, agus oifig na nOibreacha Poiblí, Bhí Anna Cullen, Eagraí Gaelathon, linn chun tuilleadh a insint dúinn faoi.
See omnystudio.com/listener for privacy information.