Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 18 Feabhra 2025
    Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media); Darragh Adelaide (Comhairleoir Contae le Pobal Roimh Brabús i gCluain Dolcáin); Séin Ó Muineacháin (TD Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Meán); Diarmuid Ó Muirgheasa (Innealtóir agus Príomhfheidhmeannach Olus Education); An Dr. Éamonn Ó Ciosáin (Údar); Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times)
    47 min
  • Tús Áite: Ionad Sonraí
    Beidh dualgas ar Ionaid sonraí a n-astachtaí carbóin agus a méid fuinneamh inathnuaite a úsáideann siad a fhoilsiú. Seo de réir dréacht pholasaí nua ón eagraíocht atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar an earnáil fuinnimh,an Coimisiún Um Rialáil Fóntais. Phléamar an scéal seo le Diarmuid Ó Muirgheasa,innealtóir & Príomhfheidhmeannach Olus Education
    9 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Bhí Alan Titley, Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus An Dr. Éamonn Ó Ciosáin, Údar agus Iar Léachtóir le Fraincís agus Briotánais, Ollscoil Mhá Nuad linn ag plé na scéalta móra idirnáisiúnta inniu.
    16 min
  • Tús Áite: Gaelcholáiste i Sráid Synge
    Tá cinneadh glactha ag Bord Bainistíochta Meánscoil Sráid Synge gan dul ar aghaidh le haistriú na scoile go Gaelcholáiste i mí Méan Fómhair 2026. Tá Ceardchumann na Meánmhúinteoirí an ASTI ag tacú leis an gcinneadh. Labhair Julian de Spáinn Cathaoirleach Choiste Tuismitheoirí an Fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 i mBÁC linn faoin scéal seo.
    14 min
  • Tús Áite: Comhdháil Slándála Munich
    Dúirt Leas Uachtarán Mheiriceá JD Vance go bhfuil Sirriam nua sa bhaile agus é ag tagairt d’Uachtarán Mheiriceá Donald Trump. Bhí Vance ag labhairt ag Comhdháil Slándála Munchen. É seo agus tuilleadh á phlé ag John Maguire, Iriseoir lonnaithe i bPáras na Fraince.
    10 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Seán Ó hArgáin, Comhairleoir le Páirtí an Lucht Oibre do Chill Chainnaigh agus Mary Hanafin, Abhcóide agus Iar-Aire Rialtais a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine inniu. An Úcráin, An Raic sa Dáil agus Tithíocht agus Géarchéim maoinithe Fhoras na Gaeilge a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
    16 min
  • Tús Áite: 14 Feabhra 2025
    John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent); John Maguire (Iriseoir lonnaithe i bPáras na Fraince); Julian de Spáinn (Cathaoirleach Choiste Tuismitheoirí an Fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 i mBÁC); Seán Ó hArgáin (Comhairleoir le Páirtí an Lucht Oibre do Chill Channaigh); Mary Hanafin (Abhcóide & Iar Aire Rialtais);
    47 min