Gaza, An Úcráin agus intleacht shaorga a bhí i measc na scéalta á phlé ag Michael McCaughan, Iriseoir agus Údar agus Pádraig Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine ar an bpainéal Idirnaisiúnta inniu.
Tá tionchar Kneecap ag spreagadh spéis daltaí méanscoile sa Ghaeilge ach tá modhanna múinte seanchaite ag déanamh dochair. Seo a deir Anna O'Sullivan, Bainisteoir Scoileanna leis an aip staidéar ar líne Studyclix. Labhair sí linn ar an gclár faoin scéal seo.
D'fhreastail slua mór daoine tionól i mBaile Átha Cliath inniu, chun plé a dhéanamh ar na ciorruithe tromchúiseacha atá a chur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge de bharr géarchéim mhaoinithe na heagraíochta.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Anna O'Sullivan (Bainisteoir scoileanna le Studyclix agus iar-mhúinteoir Gaeilge agus cúrsaí Gnó); Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar); Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine)
Tá daoine a bhíonn ag obair leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an dá thaobh den teorainn le cruinniú éigandála a ghairm i mBaile Átha Cliath amárach faoi laghdú ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a bhfuil milleán á chur ar an DUP faoi.
Caoimhín Ó Cadhla (Eagarthóir ar An Páipéar); Fergus Keane (Innealtóir Cairte agus Scannánóir); Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí le Dlí Chumann na hÉireann); Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais agus láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show.
Dúirt an Taoiseach go bhfuiltear ag machnamh faoi deireadh a chur le ceantracha Ard Bhrú cíosa faoi dheireadh na bliana seo mar chuid de phlean chun níos mó infheistíocht ón earnáil phríobháideach a mhealladh isteach san earnáil tithíochta. Phléamar an scéal seo le Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil sé i gceist aige taraif 25% a chur ar earraí alúmanaim agus cruach a thugtar isteach go Meiriceá. As an mBrasaíl, Ceanada agus Meicsiceo a thagann an chuid is mó den chruach a importáileann Meiriceá