Tomaí Ó Conghaíle, Scríbhneoir agus bunaitheoir na hIrise Nós agus an tOllamh Brian Ó Broin, Ollamh in Ollscoil William Patterson a bhí linn ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu. Iosrael & An Phalaistín, An Ghearmáin & AFD agus Nicolas Maduro a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
D'aontaigh an Rialtas inniu go mbunófar fiosrúchán reachtúil chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí mí-úsáid gnéis a tharla i scoileann Chaitliceacha a bhí á riar ag oird rialta. É seo agus na scéalta móra polaitíochta á phlé ag Áine Ní Chiaráin ar pholaitíocht an lae.
D’fhógair Conradh na Gaeilge go mbeidh siad ag bogadh amach as Uimhir a Sráid Fhearcair ag deireadh na míosa seo le go gcuirfear tús le hathchóiriú agus le hobair thófála san fhoirgneamh stairiúil seo. Chuaigh ár dtuairisceoir Cliodhna Ní Mhianáin síos go huimhir a 6 inniu le fáil amach cá rachaidh siad anois.
Cormac Chambers, Príomhoide Gaelscoile & stiúrthóir Féile Nasc agus Mary Hanafin, Abhcóide agus Iar Aire Oideachais a bhí linn ar Siúl Siar na Seachtaine inniu. Géarchéim Soláthar Múinteoirí, An Méanoirthear agus an cogadh idir an Úcráin & an Rúis a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
D’fhoilsigh Amharclann na Mainistreach fionnachtain Thuarascáil Crowe inniu, tuarascáil a choimisiúnaigh an Amharclann chun iniúchadh a dhéanamh ar eachtraí a tharla faoi iarstiúrthóirí na hAmharclainne, Neil Murray agus Graham McLaren. Phléamar an scéal seo le Marianne Ní Chinnéide, Stiúrthóir Amharclainne.