Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Géarchéim soláthar múinteoirí sna Gaelscoileanna
    Tá ollghanntanas múinteoirí sna Gaelscoileanna ann fud fad na tíre... ach cad chuige a bhfuil sé níos measa anois ná mar a bhí ariamh? Pléann Aonghus seo le Róise Uí Labhraí, Príomhoide Gaelscoil Phádraig, An Baile Breac, Co Bhaile Átha Cliath agus Tim Tuckey, Príomhoide, Gaelscoil an Bhradán Feasa, Droichead Átha, Co Lú
    14 min
  • Tús Áite: Na Cluichí Parailimpeacha
    Seolfar na Cluichí Parailimpeacha inniu i bParás, ach céard atá ag teacht aníos agus cé hiad na lúthchleasaithe ar gá súil a choimeád amach dóibh? Pleann Aonghus seo le Daráine Ní Mhaoilmhichíl, Tráchtaire Spórt le RTÉ Spórt
    5 min
  • Tús Áite: OASIS
    Tá nach mór cúig bliana déag ann ó scaradar mar bhanna, ach tá an grúpa Oasis ag teacht le chéile arís le haghaidh roinnt coirmeach an samhradh seo chughainn agus beidh siad le clos i bPairc an Chrócaigh ar an 16 agus 17 Lúnasa. Labhair Richie Ó hEadhra, Ceoltóir agus díograiseoir Oasis linn faoin scéal seo.
    8 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    An t-Iriseoir Michael McCaughan agus Ronan McCrea Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Cathair Londain a bhí linn ar an bPainéal Idirnaisiúnta inniu. Pavel Durov gafa ag póilíní na Fraince; géarú ar an gCogaíocht san Úcráin agus Díospóireacht Trump Harris a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
    21 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    D'éiligh Ceannaire Shinn Féin, ar an Taoiseach inniu míniú a thabhairt ar thuairiscí go ndeachaigh eitleáin tríd aerspás na hÉireann agus airm á iompar acu ó na Stáit Aontaithe go dtí Iosrael. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin ar pholaitíocht an lae inniu.
    9 min
  • Tús Áite: Google
    Tá iarratas Google ar ionad nua sonraí a thógáil i Páirc Gnó Chaisléan na Gráinsí diúltaithe ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Phléamar an scéal seo le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Chearta Digiteach Éireann.
    10 min
  • Tús Áite: 27 Lúnasa 2024
    Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir ar Chearta Digiteacha Éireann); Michael McCaughan (Iriseoir); Ronan McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Cathair Londain); Richie Ó hEadhra (Ceoltóir agus díograiseoir Oasis)
    46 min