Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Daonáireamh 2027 agus an Ghaeilge

    Ní bheidh aon cheisteanna nua faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2027 - sin a dúirt ionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh le Comhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inniu. Phléamar an scéal le Séin Ó Muíneacháin, TD FF, Cathaoirleach Coiste na Gaeilge na Gaeltachta, Lucht Labhartha na Gaeilge. 


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Painéal an Luain: Burnham

    “Níor oibrigh Breatimeacht. Chailleamar níos mó ná mar a fuaireamar”. Sin a deirfidh Príomhaire na Ríochta Aontaithe Andy Burnham anocht ag dinnéar Mhéara Chathair Londain. Beidh Burnham ag freastal ar chruinniú mullaigh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach Dé hAoine. Roinn an painéal a dtuairimí ar an scéal. 


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    36 min
  • Painéal an Luain: Intleacht Shaorgá á Thástáil do chosaint tuillte

    Tá córas nua foláirimh tuillte le cur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Cén fáth go bhfuil seo suntasach? Mar go n-úsáidfidh an córas nua seo intleacht shaorga agus bunachar d’fhaisnéis tuillte le deich mbliana anuas chun foláireamh tuillte a thabhairt suas go 21 uair an chloig sula dtarlaíonn an tuilleadh. Phléamar é leis an bpainéal. 


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Painéal an Luain: An Úcráin

    Tá céad is a trí déag smachtbhanna nua curtha i bhfeidhm ag an Eoraip i gcoinne na Rúise - ina measc smachtbhannaí ar an iriseoir Éireannach Chay Bowes - agus Dé Céadaoin beidh Comhairle na hEorpa ag nochtadh a moladh faoi conas deigheáil leis an €70 míle milliún de bhearna i mbuiséad na hÚcráine an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal is déanaí leis an bpainéal. 



    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Tús Áite: Mír na Meán

    Plé ar dhá chláir iontacha ar féidir breathnú orthu,Snámh in Aghaidh Easa agus Áras Éanna, phléamar iad le Norita Ní Chartúir. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: IMEASC agus Gaeloideachas

    Léirítear in anailís a d'fhoilsigh IMEASC inniu nach bhfuil ach 43,000 duine in ann freastal ar Ghaelscoil faoi láthair, cé go bhfuil éilimh suntasach ann. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair ag lá stocaireachta IMEASC in óstán Buswells inniu. 

    Anuas ar sin, labhair muid le Rónán Mac Grianna Príomhoide Scoil Naomh Lorcáin, An Óméith, maidir leis an féidearthacht go n-aistreofaí an scoil ó scoil meán-an-Bhéarla go Gaelscoil ó thús na scoilbhliana 2027/2028.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Tús Áite: Cruinniú Mullaigh Comhshaoil COP31

    Labhair na scórtha ceannairí le linn na "plé ardleibhéil" ar siúl inniu agus amárach ag Cruinniú Mullaigh Comhshaoil COP31 sa Tuirc ina measc, Uachtarán na Tuirce, Uachtarán na Brasaíle agus Uachtarán na hIaráine, phléamar an scéal le Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir leis an Irish Examiner. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae.

    Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    13 min