Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Bagairt Bhuama

    Plé ar an mBagairt Bhuama a fógraíodh inniu, Labhair muid le Tristan Rosenstock, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí ar an gcampas nuair a fógraíodh an bagairt bhuama in RTÉ Domhnach Broc, labhair sé linn maidir leis an eachtra.

    le Sean Kelly, Feisire Eorpach le Fine Gael, maidir le himpleachtaí Eorpacha, Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus eile. Agus le Donncha Ó Laoghaire TD Shinn Féin i gCorcaigh Theas Lár agus Urlabharaí Gnóthaí Eachtracha an Pháirtí, chun Tuairim an Fhreasúra faoi bhagairt an lae inniu a fháil.  

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • Tús Áite: Leabhar nua Shaun Harte - "Book of Irish Puns"

    Tá leabhar foilsithe ag Shaun "WithAFada" Harte - Book of Irish Puns - atá lán d’imeartas focal, agus de scéalta grinn atá bunaithe ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla. Labhair Jack Basquille faoi ar an gclár. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    11 min
  • Tús Áite: Raidió Rí-Rá vs Coimisiún na Meán maidir le FM

    Tá Raidió Rí Rá ag áiteamh ar an bpobal ríomhphostanna a sheoladh go Coimisiún na Meán ag tacú lena n-éileamh go mbunófaí stáisiún ar FM dírithe ar an aos óg. Níl stáisiún FM Gaeilge don aos óg i measc na moltaí atá déanta i gcáipéis plé faoi sheirbhísí craoltóireachta atá foilsithe ag an gCoimisiún áfach. Labhair muid le Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Tús Áite: Fórsa slándála príobháideach sa chathair?

    Cuirfear isteach go mór ar dhaoine ag taisteal agus ag obair i gcathair Bhaile Átha Cliath ar feadh ceithre lá an tseachtain seo chugainn nuair a chuirfear an beartas póilíneachta ii mó i stair an Stáit i bhfeidhm mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.  Mícheál Mac Donncha, Comhairleoir le Sinn Féin ar Chomhairle Chathrach Átha Cliath agus iar-Ardmhéara na Cathrach. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Tús Áite: Tionchar Thoghcháin meán-téarma Mheiriceá ar an gcogadh san Úcráin:

    Tá neart tráchtaireachta i nuachtáin na Rúise inniu gur droch scéal iad torthaí toghchán méantéarma Mheiriceá don Rúis agus d’iarractaí teacht ar réiteach idir Meiriceá agus an Rúis faoi cheist na hÚcráine a bheadh fabhrach don Rúis. Nadia Dobrianska, Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    11 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4. 


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Tús Áite: Mír na Meán

    Plé ar 'Crá' Séasúr a 2, agus ar 'Hola Hector - Ó Bogota go Buenos' Aires, le Gráinne Ní Chaomhánaigh. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min