Tá fear sna seascaidí agus bean sna caogaidí á gceistiú ag na Gardaí maidir le bás buachalla nubheirthe a dtángthas ar a chorp ar thrá i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí mí Aibreán 1984. Labhair Anne McCabe linn faoi seo.
Eagraíodh aifreann agus teacht le chéíle I mBaile Átha Cliath inniu I gcuimhne ar Sheán P Ó hÉalaí an t-iar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhásaigh le déanaí. Labhair Fachtna le chuid doibh siúd a bhí I láthair chun omós a léiriú do Sheán P.
An Caithréim Mór agus stair bainte amach ag foireann rugair na hÉireann. 6 Náisiún Rugair na mBan ag tosú an deireadh seachtaine seo, agus CLG á phlé ag Cuán ar scéaltaí spórt inniu.
Deir alt a scíobh Ciarán Dunbar i Seachtain go gcreideann sé go bhfuil an Ghaeilge ina cuid den mhíniú ar cén fáth nár tháinig páirtí i bhfad amuigh ar an eite dheis chun cinn sa tír seo. Labhair Ciarán linn ar an gclár faoin alt ar scríobh sé.
Bono i tigh tabhairne i nGaillimh, Oileán na mBlascaoid agus Inis Meán, Baol díshealbhaithe agus easpa dul chun cinn ar thógáil Gaelscoile. Iad seo na scéaltaí a bhí a phlé i Mír na Meán Áitiúil inniu.
Tháinig príomhfheidhmeannach an chomhlacht Síneadh Meán Shóisialta TikTok ós comhair coiste i Washington inniu chun ceisteanna a fhreagairt faoi líomhaintí go roinneann sé eolas le rialtas na Síne. Labhair Emmet Ryan linn faoi seo.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Emmet Ryan (Iriseoir leis an Business Post); Pacáiste faoi Agóid; Ciaran Dunbar (Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Rob Ó Conchúir
Tá sé fógartha ag Urlabharaí Tithíochta Sinn Féin Eoin Ó Broin go gcuirfear bill faoi bhráid an Oireachtais an tseachtain seo chughainn chun cosc (nua) ar díshealbhú a chur i bhfeidhm go dtí deireadh mhí Eanair 2024. Bhí seo á phlé ag Eoin Ó Catháin ar Pholaitíocht an Lae.
Sraith teilifíse Réaltaí sa Ghaeltacht a craoladh ar RTÉ, Sraith nua ar a glaotar Marú inár measc a bheas ag tosú ar TG4 anocht agus an clár Imeall á phlé ag Gráinne Uí Chaomhánaigh ar Mír na Meán.