Inniu: Réaltán Ní Leannán (Scríbhneoir); Jen Ní Mhathúna (Múinteoir Bunscoile); An Seanadóir Lorraine Clifford Lee (Seanadóir le Fianna Fáil); Siothrún Sardina (Gníomhaí Aeráide le Extinction Rebellion); An Dr Gearóidín McEvoy
Beidh cruinniú um thráthnóna ag ceannairí an trí pháirtí comhrialtais maidir le rún Shinn Féin gur chóir síneadh ama leis an gcosc ar dhíshealbhú go dtí mí Eanair. Beidh vóta sa Dáil faoin rún Dé Céadaoin.
Tháinig Éire sa cheathrú áit déag i dTuarascáil Domhanda an tSonais. Is iad muintir na Fionlainne an dream is sona ar domhan arís agus na Danmhargaidh agus na hIoslannaigh a tháinig sa dara agus sa triú háit.
Bhí Seán Byrne linn ar an chlár agus é ag phlé an ardú ráta úis. D'fhógair an Bainc Ceannais Eorpach ardú eile inniu ar rátaí úis - an séú ardú ar rátaí úis ó mhí Iúil seo caite.
Lá mór d'Éire a bheas ann ar an Satharn beag seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Shasana i Staid an Aviva ag a 5 a chlog. É seo agus chúrsaí CLG á phlé ag Cuán. Chualamar blaise beag don muinín atá ag lucht leanúna foireann na hÉireann freisin.
Bhí Conchubhar Ó Liatháin linn ag caint faoi scéalta móra sna meán áitiúl an tseachtain seo. Seamróg ó Chiarraí ar an slí go dtí an Teach Bhán agus tuilleadh eile.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúd Teicneolaíochta Átha Cliath); Seán Ó Lionáird (Feirmeoir & Tuairisceoir Talamhaíochta); Cuán Ó Flatharta; Conchubhar Ó Liatháin