Tógfar beagnach 27.000 áras cónaithe - idir árasáin agus thithe - sa Stát i mbliana, de réir figiúrí nua ó Chónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochta na hÉireann. Bhí Brian Ó Ceallaigh linn ar an chlár chun seo a phlé.
Tá sé deimhnithe go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag teacht go hÉirinn le haghaidh Chomóradh 25 Bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta an mhí seo chughainn.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Brian Ó Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadais, Ollscoil Chathair Baile Átha Cliath); Emmet Ryan (Iriseoir Buisness Post); Regina Uí Chollatáin (Cathaoirleach Bhord Foras na Gaeilge); Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir); Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir)
Tá Meta, mátharchomhlachta Facebook le scaoileadh le 10,000 fostaí eile. Scaoil siad le 11,000 fostaí i mí na Samhna. Labhair Emmet Ryan linn faoi seo.
Níor bhuaigh An Chailín Ciúin sna Oscars - ach éacht mór bainte amach acu do Scannánaíocht na Gaeilge. Bhí Carrie Crowley linn ar an chlár inniu agus í ag labhairt linn faoin oíche mór a bhí acu sna Oscars.
Tuairiscíodh san Irish Independent inniu go bhfuil beartais faoiseamh cánach do thionóntaí agus do Thiarnaí Talún á phlé ag an rialtais chun dul i ngleic le hiarmhartaí an deireadh leis an gcosc díshealbhaithe.
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionnanas, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O'Gorman inné go bhfuil droch íde á thabhairt dó ar bhonn laethúil ar líne.
Inniu: Kate Ní Chonaola (Abhchóide); Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); Síle Ní Choinceannain (Léachtóír Gaeilge in Ollscoil Luimní); Conall Ó Móráin (láthreoir That Great Business Show); Carrie Crowley (duine d'aisteoir an An Chailín Ciúin)
Gary Lineker ag seasamh siar ó Match of the Day ar feadh tamaillín, Éire ag tabhairt aghaidh ar an Albain ar an Domhnach agus na cluichí Oilimpeacha á phlé ag Cuán Ó Flatharta ar na scéalta spórt inniu.
Bhí Cormac Ó Dualacháin agus Róisín Costello linn ar an chlár ag féachaint siar ar na scéalta móra na tseachtain. Ina measc na scéalta bhíodar ag plé - deireadh chun teacht leis an gcosc ar díshealbhaithe agus an reifreann ar chomhionannas inscne