Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Cúrsaí Talamhaíochta
    Tá praghas talamh feirme chomh hard anois is a bhí le linn an Tíogar Cheiltigh - sin de réir Thuarascail Phraghas Talamh Feirme na bliana seo chaite de chuid an Irish Farmer's Journal atá díreach foilsithe. Bhí Seán Ó Lionárd linn ar an gclár chun seo a phlé.
    10 min
  • Tús Áite:
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Indrek Ois (Aistritheoir sa Choimisiún Eorpach); Radvan Markus (Léachtóir in Ollscoil Seárlas, Prág); Kevin Magee (Iriseoir); Norita Ní Chartúír
    49 min
  • Tús Áite: Cogadh na hÚcráíne
    Bíonn gearáin ó thráchtairí in Oirthir na hEorpa nach dtugtar árdán do ghuthanna ón réigiún sin sa phlé agus sa díospóireacht faoin chogadh na hÚcráine agus faoi bhallraíocht na dtíortha sin i NATO. Bhí Indrek Ois agus Dr. Radvan Markus linn chun seo a phlé.
    20 min
  • Tús Áite: Mír na Meán
    Beidh eagrán speisialta den chlár ceoil traidisiúnta Geantraí á chraoladh ar TG4 Dé hAoine, Lá Fhéile Pádraig agus tá mír omóis do Seamu Begley, beannacht dé leis. Bhí Norita á phlé an chláir seo mar aon le alt a bhí i Tuairisc faoin Nuacht Áitiúil ar RTÉ Raidio na Gaeltachta.
    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Thit praghasanna réadmhaoine sa stát son chéad uair le nach mór trí bliana anuas an mhí seo chaite. É seo agus an géarchéim tithíochta á phlé ag Áine Ní Chiaráin.
    5 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Scéal ag briseadh gur imbhuail scaird na Rúise le drón Stát Aontaithe Meiriceá thar an Mhuir Dhubh. Toghcháin Uachtarántachta agus parlaimaineteach sa Tuirc ar an 14ú Bealtaine & an tSín ag cáineadh comhaontú atá déanta chun an Astráil a sholáthar le fomhuireáin núicléacha.
    16 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ag labhairt faoi turas Joe Biden go hÉireann agus go Maigh Eo a bhí Áine Ní Chiaráin ar pholaitíocht an Lae. Phlé sí teachtaireachtaí a sheoladh chuig an duine mícheart agus an rún atá curtha faoi bhráid na Dála ag Sinn Féin faoin gcosc díshealbhaithe.
    8 min