Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Mír na Meán
    Tugann Antoin Beag Ó Colla (scríbhneoir scripte) a léirmheas dúinn ar ‘Moving West’ ar TG4 agus eagrán mhí Eanáir d’iris Comhar agus pléimid an comórtas Eurofíse.
    7 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Diúltú ó rialtas na Breataine cuireadh a thabhairt do Cheannaire Shinn Féin freastal ar chruinniú faoin bprótacal agus feisire Eorpach ag moladh cúiteamh a lorg ó Iosrael mar gheall ar fhoirgnimh a scrios údaráis Iosrael sna críocha gafa - scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: Soledar
    Maíonn an comhlacht míleata Wagner go bhfuil baile Soledar in oirthear na hÚcráine gafa acu ach deir an Úcráin go bhfuil an cath don bhaile fós ar siúl. Labhraímid faoi seo le Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall de chuid Óglaigh na hÉireann).
    9 min
  • Tús Áite: Géarchéim na dteifeach
    Tuigtear go ndúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige go mbeidh óstáin a bhfuil teifigh iontu faoi láthair ag filleadh ar an margadh turasóireachta san Earrach. Pléimid é seo le Piaras Mac Éinrí (Léachtóir sa Roinn Tíreolaíochta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Iar-thaidhleoir).
    10 min
  • Tús Áite: 11/1/23
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Piaras Mac Éinrí (Léachtóir sa Roinn Tíreolaíochta, UCC agus Iar-thaidhleoir), Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall de chuid Óglaigh na hÉireann), Nadia Dobrianska (Úcráineach in Éirinn), Diane Ní Fhlatharta (ar Inis Mór) agus mír na meán le hAntoin Beag Ó Colla.
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Othair ag fáil bháis, cruinniú faoin ngéarchéim tithíochta agus cruinniú sa Bhruiséil faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann - scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
    10 min
  • Tús Áite: Othair ag fáil bháis - IMO
    Deir Cumann na nDochtúirí go bhfuil gach seans go bhfuair othair bás mar gheall ar mhoilleanna inseachanta sa chóras sláinte le cúpla seachtain anuas. Pléimid é seo le Dr Niall Ó Cléirigh (Dochtúir teaghlaigh).
    9 min
  • Tús Áite: Cruinniú faoin ngéarchéim tithíochta
    D’eagraigh an rialtas cruinniú inniu le páirtithe leasmhara i mBaile Átha Cliath mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta. Labhraímid faoi seo le Conall Ó Móráin (Saineolaí ar chúrsaí airgeadais agus Láithreoir an phodchraoladh ‘That Great Business Show’).
    10 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Seán Binder, borradh faoin Úcráinis agus cáipeisí Biden - pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo) agus Caoimhe de Barra (Príomhfheidhmeannach Trócaire).
    14 min