Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Spéicéir le ceapadh I dTeach na nIonadaithe
    Tá tromlach ag na Poblachtaigh i dTeach na nIonadaithe, ach tá ag teip ar Kevin McCarthy an post mar spéicéir a fháil toisc go bhfuil roinnt Poblachtaigh ag cur ina choinne. Pléimid é seo leis an Ollamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey, Údar agus Scríbhneoir).
    7 min
  • Tús Áite: 5/1/23
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Karl Birthistle (Oibrí leighis san Eilvéis), Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir sa Ghearmáin), Seán Mac an tSíthigh (Iriseoir le RTÉ/TG4), Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson), Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education) agus meáin áitiúla le Síle Ní Choincheannain.
    48 min
  • Tús Áite: Brú ar na hoispidéil
    Tá níos mó daoine os cionn 75 bliain d’aois in ospidéil na hÉireann ná mar a bhí riamh cheana, ach conas atá córais sláinte i dtíortha eile na hEorpa ag dul i ngleic le héileamh méadaithe faoi láthair? Pléimid é seo le Karl Birthistle (Oibrí san earnáil leighis san Eilvéis) agus Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine).
    10 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Zelensky i Meiriceá, Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, róphlódú sna hospidéil, Aire Stáit nua don Ghaeltacht agus An Cailín Ciúin ar an ngearrliosta do ghradam Oscar – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Seán Ó Muireagáin (Údar) agus Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí agus Polaitíochta i gColáiste na Tríonóide).
    15 min
  • Tús Áite: 23/12/22
    Ar an gclár inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Dr Anthony O’Connor (Dochtúir Comhairleach), Clíona Saidléar (Príomhfheidhmeannach an RCNI), Seán Ó Muireagáin (Údar), Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí agus Polaitíochta, TCD), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    49 min