Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 6/12/22
    Inniu: Mícheál Ó Braonáin (Eagraí polaitíochta an Business Post), Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh), Ben Ó Ceallaigh (Saoraistritheoir & Iar-Léachtóir sa Léann Ceilteach), Brian Ó Broin (Ollamh, Ollscoil William Patterson, NJ), Lisa Nic An Bhreithimh (Gníomhaí & Tuairisceoir) agus Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa).
    48 min
  • Tús Áite: 5/12/22
    Inniu: Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU), Clíona Saidléar (Príomhfheidhmeannach Ghréasán Náisiúnta Ionaid Géarchéim Éignithe), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe), Norita Ní Chartúir (Teagascóir sa chraoltóireacht raidió, OÉG) agus Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir).
    49 min
  • Tús Áite: Seachtain Oibre 4 lá
    Tá an ceardchumann Fórsa ag iarraidh ar an rialtas seachtain oibre 4 lá a thriail i ndiaidh do thorthaí dearfacha ar scéim phíolótach teacht chun cinn. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    10 min
  • Tús Áite: Bac ar ola na Rúise
    Tá cosc curtha ag an Aontas Eorpach ar ola na Rúise a thagann ar muir agus tá an grúpa G7 tar éis caidhp phraghais de 60 dollar a chur ar bhairrille ola ón Rúis. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    17 min
  • Tús Áite: Pobalbhreith Éire Aontaithe
    Léirigh pobalbhreith san Irish Times go bhfuil formhór mhuintir na poblachta i bhfábhar Éire Aontaithe ach go mbeadh drogall orthu géilleadh d'Aontachtaigh ar cheisteanna áirithe chun é sin a bhaint amach. Pléimid é seo le Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir) agus leis an bpainéal.
    22 min
  • Tús Áite: Leathchéad bliain san Aontas Eorpach
    Dúirt Ursula Von Der Leyen go bhfuil ceanndánacht na nGael de dhíth inniu, ach an bhfuil ballraíocht na tíre san Aontas Eorpach chun ár leasa? Pléimid é seo le Seosamh Ó Cuaig (Colúnaí le Tuairisc.ie, Iar-Chomhairleoir condae & iar-bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta) agus Des Geraghty (Ceardchumannaí, Scríbhneoir & Iar-Fheisire Eorpach).
    18 min
  • Tús Áite: 1/12/22
    Inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Seán Kelly (Feisire Eorpach, Fine Gael), Peter Rigney (Urlabhraí le ICTU), Seosamh Ó Cuaig (Colúnaí le Tuairisc.ie & iar-bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta), Des Geraghty (Ceardchumannaí, Scríbhneoir & Iar-Fheisire Eorpach) & Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir ón Corkman & Seachtain).
    48 min
  • Tús Áite: Acht nua ar shínte láimhe
    Tháinig dlí nua i bhfeidhm inniu a deir gur gá don airgead ó tháillí seirbhíse dul chuig oibrithe agus nach féidir sínte láimhe a chur san áireamh i mbunphá oibrithe. Labhraímid faoi seo le Peter Rigney (Urlabhraí agus Iar-Oifigeach Tionsclaíochta le ICTU).
    7 min