Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Léirsithe sa tSín agus Lá Idirnáisiúnta Dlúthpháirtíochta le Muintir na Palaistíne – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo, san Iorua).
    12 min
  • Tús Áite: Cathaoirleach nua ag bord TG4
    Fógraíodh ceapachán Anna Ní Ghallchóir mar Chathaoirleach ar bhord TG4 inniu agus í ag teacht i gcomharba ar Shiún Uí Raghallaigh, atá ceaptha mar Chathaoirleach RTÉ. Labhraímid faoi seo le hAnna Ní Ghallchóir (Cathaoirleach nua ar bhord TG4).
    7 min
  • Tús Áite: Beartais aeráide
    Deir an ESRI go bhfuil daoine óga in Éirinn sásta dul i ngleic le hathrú aeráide, ach go bhfuil easpa eolais ina measc faoi na beartais is éifeachtaí le téamh domhanda a laghdú. Iarraimid ar Shiothrún Sardina (Gníomhaí aeráide le Extinction Rebellion) na beartais is éifeachtaí a leagan amach dúinn.
    11 min
  • Tús Áite: Taifeadtaí Rúnda
    Tá soiléiriú ón Aire Sláinte á lorg ag Comhlachas na Seirbhíseach Uachtarach Stáit agus Poiblí mar gheall ar ailt a foilsíodh bunaithe ar thaifeadtaí rúnda ar chruinnithe státsheirbhísigh sa Roinn Sláinte. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    7 min
  • Tús Áite: 28/11/22
    Ar an gclár inniu: Deirdre Ní Fhloinn (Abhcóide agus Iar-Chomhairleoir), Sarah Murphy (Múinteoir Gaeilge agus Príomhoide Cúnta i CUS), Ciarán Ó Pronntaigh (Iriseoir agus Bainisteoir an Áisaonaid) agus Míde Nic Fhionnlaoich (Oifigeach Leasa Aontas na Mac Léinn UCD).
    48 min
  • Tús Áite: 25/11/22
    Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Conall Heussaff (Cúntóir Taighe le Breugel), Muireann Ní Mhóráin (Iar-Phríomhfheidhmeannach COGG), Fearghal Mac Bhloscaidh (Léachtóir Staire in Ollscoil na Banríona), spóirt le Conall Mac Dhonnagáin agus siamsaíocht le Dúlra Ní Áinle.
    49 min