Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Feachtas chun lóistín a chur ar fáil do theifigh, agóid sa Phort Thoir, Paschal Donohoe ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro agus cruinniú an Taoisigh le Macron – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: 23/11/22
    Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Seán F Ó Drisceoil (Tráchtaire agus Comhairleoir Tithíochta san Albain), Dr Illona Duffy (Dochtúir teaghlaigh), Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn), Sarah Murphy (Múinteoir Meánscoile i CUS) agus mír na mean le Rob Ó Conchúir.
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Tuairisc Scally ar an gclár scagthástala ceirbheacs agus tionóntaí á ndíshealbhú mar gheall ar thiarnaí talún ag díol tí – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media).
    10 min
  • Tús Áite: Tuairisc Scally ar CervicalCheck
    Dúirt Dr Gabriel Scally go bhfuil "dul chun cinn suntasach" déanta ó rinne sé leathchéad moladh ceithre bliana ó shin maidir le clár scagthástála ceirbheacs an Stáit, CervicalCheck. Labhraímid faoi seo le Dr Illona Duffy (Dochtúir teaghlaigh).
    8 min
  • Tús Áite: Mír na Meán
    Tugann Rob Ó Conchúir a léirmheas dúinn ar ‘An Diabhal ar an Ól’ le Mícheál Ó Conghaile in eagrán nua Seoda ón Taisce Liteartha agus eagrán na Samhna d’iris Comhar.
    10 min
  • Tús Áite: Ciste “Caillteannas agus Damáiste”
    Aontaíodh ag COP27 go dtabharfadh tíortha saibhre (atá tar éis tairbhe a bhaint as astaíochtaí carbóin a scaoileadh) airgead do thíortha bochta a bhfuil dochar á dhéanamh dóibh ag an athrú aeráide – ach ar cheart an coincheap seo a chur i bhfeidhm laistigh de thíortha? Pléimid é seo le Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn).
    9 min
  • Tús Áite: Cúlú eacnamaíochta agus cíosanna fós ag ardú
    Dúirt an OECD inniu nach mbeadh cúlú domhanda eacnamaíochta ann an bhliain seo chugainn ach go mbeadh cúlú eacnamaíochta ann i dtíortha ar leith atá thar a bheith spléach ar ghás. Pléimid é seo le Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show).
    10 min