Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 17/11/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG), Angus Lambkin (Comhardaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe), Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh), An tOllamh Brian Ó Broin (Údar, Scríbhneoir agus Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey) agus mír na mean áitiúil le Catherine Foley.
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Mí-úsáid gnéis i scoileanna an Spioraid Naoimh, smachtbhannaí fógartha ag an Rúis agus agóid faoi Ghaelcholáiste nua a bhunú i mBÁC – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: 16/11/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Seaghan Mac Cormaic (Múinteoir Gaeilge i Scoil DEIS), Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus Iarbhall d’Óglaigh na hÉireann), Diarmuid Johnson (Scríbhneoir sa Bhruiséil), Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey) agus Róisín Ní Choistealbha (Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí, DCU).
    48 min
  • Tús Áite: Siollabas T2 i scoileanna DEIS
    Deir Seaghan Mac Cormaic (Múinteoir Gaeilge i Scoil DEIS) go bhfuil dochar á dhéanamh ag siollabas Gaeilge T2 an Teastais Shóisearaigh do mhisneach agus do mhuinín daltaí i scoileanna DEIS. Labhraímid faoi seo le Seaghan Mac Cormaic (Múinteoir Gaeilge i Scoil DEIS).
    11 min
  • Tús Áite: Diúracán pléasctha sa Pholainn aréir
    Deir Uachtarán na Polainne gur cosúil nach ón Rúis a scaoileadh an diúracán a phléasc in Przewodów in oirdheisceart na tíre aréir. Pléimid é seo le Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus Iarbhall d’Óglaigh na hÉireann) agus Diarmuid Johnson (Scríbhneoir sa Bhruiséil).
    13 min
  • Tús Áite: Foraoisí na Brasaíle
    Tá Uachtarán nua na Brasaíle, Lula, ag dul go Sharm el-Sheikh do chruinniú COP27 agus é ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil an Bhrasaíl chun a bpolasaithe aeráide a athrú agus foraoisí na tíre a chosaint. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    10 min
  • Tús Áite: Kherson athghafa ag an Úcráin
    Ghabh fórsaí na hÚcraine Kherson an tseachtain seo caite i ndiaidh don Rúis cúlú as an gcathair. Labhraímid faoi seo le Frank Reidy (Iar Cheannfoirt Airm agus Saineolaí ar chúrsaí míleata agus slándála) agus leis an bpainéal.
    11 min
  • Tús Áite: Vicky Phelan
    Tá an feachtasóir ailse cheirbheacs Vicky Phelan imithe ar shlí na fírinne. Pléimid a hoidhreacht le Bláthnaid Ní Chofaigh (Craoltóir agus Láithreoir le RTÉ) agus leis an bpainéal.
    14 min