Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 14/11/22
    Ar an gclár inniu: Méabh Ní Chathail (Iníon léinn dochtúireachta san eolaíocht i gColáiste na hOllscoile BÁC), Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí leis an Irish News), Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh), Bláthnaid Ní Chofaigh (Craoltóir agus Láithreoir le RTÉ) agus Frank Reidy (Iar Cheannfoirt Airm).
    48 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoin bhFéile Bheag Filíochta, Cyberdelic sa Taibhdhearc, Féile Idirnáisiúnta na Scannán i gCorcaigh, Buaic-Oíche na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, Creachadóirí Reilige agus Imram 2022.
    8 min
  • Tús Áite: Óráid Biden ag COP27
    Gheall Uachtarán Mheiriceá Joe Biden go mbainfidh Meiriceá a gcuid spriocanna amach maidir le laghdú astaíochtaí faoi 2030. Pléimid é seo le Mícheál Ó Cinnéide (Iar-stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil).
    7 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Cruinniú an Taoisigh le Sunak, toghcháin lár téarma Mheiriceá, oibrithe san earnáil teicneolaíochta briste as a bpoist agus leas sóisialach á nascadh le tuarastal – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education) agus Síle Ní Choinceannain (Léachtóir Gaeilge in Ollscoil Luimnigh).
    16 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi fhoireann na hÉireann ag imirt i gcoinne Fiji i rugbaí na bhfear, conspóid faoi chearta daonna ag Corn Domhanda Sacar na bhfear agus cluichí ceathrú ceannais na gcúigí do chlubanna CLG.
    8 min
  • Tús Áite: 11/11/22
    Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Mícheál Ó Cinnéide (Iar-stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil), Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education), Síle Ní Choinceannain (Léachtóir Gaeilge in Ollscoil Luimnigh), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    48 min