Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Toghcháin lár téarma Mheiriceá
    Tá vótaí fós á gcomhaireamh i dtoghcháin lár téarma Mheiriceá ach is cosúil nár thug vótálaithe droim don phairtí atá i gcumhacht, mar a tharlaíonn go hiondúil. Pléimid é seo le Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach) agus Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    12 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Toghcháin lártéarma Mheiriceá agus COP 27 – pléimid príomhscéalta na seachtaine le hAlan Titley (Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) agus Caoimhe De Barra (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Trócaire).
    14 min
  • Tús Áite: Ebola in Uganda
    Tá ochtar páistí tar éis bás a fháil ón ngalar Ebola i Uganda agus d’fhógair Aire Oideachais na tíre go ndúnfar scoileanna coicís luath leis an ngalar a choimeád faoi smacht. Labhraímid faoi seo le Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe).
    8 min
  • Tús Áite: 8/11/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis an UN), Frank Allen (Comhairleoir Iompair & Cathaoirleach ar an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta), Darragh Adelaide (Ball de PBP), Alan Titley (Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCC) & Caoimhe De Barra (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Trócaire).
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Foláireamh an Taoisigh ag COP 27 agus deontas do theaghlaigh a thugann lóistín do mhic léinn i gcoláistí Gaeilge – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG).
    11 min
  • Tús Áite: COP 27
    Dúirt Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres go bhfuilimid ar an mbóthar go hifreann aeráide agus go gcaillfear nó go mbuafar an cogadh do phláinéad ar féidir maireachtáil air sa deich mbliana atá amach romhainn. Pléimid é seo le Criostóir Ó Faoláin (Ionadaí Áitiúil don Chomhaontas Glas i nDún Garbhán) agus leis an bpainéal.
    22 min
  • Tús Áite: 7/11/22
    Inniu: James Knoblauch (Sainchomhairleoir bainistíochta le EY), Katie Whelan (Tráchtaire agus Iarrthóir PhD i UCD), Ógie Ó Céilleachair (Údar & Múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh), Brenda Ní Shúilleabháin (Scríbhneoir, Scannánóir & Craoltóir), Criostóir Ó Faoláin (Ionadaí don Chomhaontas Glas) agus Conn Ó Muineacháin (Saineolaí Teicneolaíochta).
    48 min