Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Conspóid faoi chomhairle fuinnimh agus tuarascáil Siteserv
    Dúirt an Taoiseach gur “raiméis” a bhí i ngearáin Shinn Féin faoi chomhairle ón Aire Comhshaoil faoi chaomhnú fuinnimh agus deir tuarascáil Choimisiún Fiosruithe Siteserv nach bhfuil fianaise ann go raibh caidreamh míchuí ag Denis O’Brien le feidhmeannaigh an IBRC. Labhraímid faoi seo le Pearse Doherty (TD agus Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin).
    11 min
  • Tús Áite: Heaton-Harris ina Státrúnaí
    Tá fáilte curtha ag an DUP agus an TUV roimh cheapachán an Chris Heaton-Harris mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann ach tá amhras léirithe ag an SDLP agus Sinn Féin faoi. Pléimid é seo le hIan Malcolm (Tráchtaire agus Údar).
    8 min
  • Tús Áite: 7/9/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Pearse Doherty (TD agus Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin), Ian Malcolm (Tráchtaire agus Údar), Gráinne Uí Chaomhánaigh (Craoltóir) agus Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg).
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Beartais fuinnimh na hEorpa, pacáiste fuinnimh an rialtais, seisiún smaointeoireachta Phobal Roimh Bhrábús, tuarascáil Siteserv agus conspóid faoi chomhairle fuinnimh ón Aire Comhshaoil Eamon Ryan – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    14 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Cás núicleach na hÚcráine, acmhainní fuinnimh san Éigipt agus ionsaí i mBurkina Faso – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le hEoin Ó Cróinín (Scríbhneoir agus Aistritheoir sa Bhruiséil) agus Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse).
    16 min
  • Tús Áite: Comhaontú Pá
    Tá Cumann Múinteoirí Éireann ag moladh dá mbaill glacadh leis an gcomhaontú pá. Labhraímid faoi seo le John Boyle (Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, an INTO).
    9 min
  • Tús Áite: 6/9/22
    Ar an gclár inniu: Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael), Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí polaitíochta BBC Alba), John Boyle (Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, INTO), Eoin Ó Cróinín (Scríbhneoir agus Aistritheoir sa Bhruiséil) agus Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse).
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Tuarascáil ó Threshold, rátaí tógála tithíochta agus cruinniú ag na Daonlathaigh Shóisialta – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/the Press Association).
    9 min