Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Bochtaineacht breosla
    Dúirt an ESRI inniu go measann siad go bhfuil 43% de theaghlaigh ag fulaingt le bochtannas fuinnimh. Labhraímid faoi seo le Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU).
    7 min
  • Tús Áite: Boilsciú ar ghrádanna Ardteiste
    Fuair breis agus 61,000 dalta torthaí na hArdteiste inniu ach tá ardú 5.6% ar mharcanna ar an meán mar gheall ar ghrádanna meastaithe. Pleimid é seo le Pádraig Ó Duibhir (Stiúrthóir ar Roinn na dTeangacha agus Iar-Chláraitheoir DCU).
    10 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Cainteanna pá, conspóid le Troy, Calleary agus Donnelly, athruithe ar an Ardteist agus ‘Tirlán’ – pléimid príomhscéalta na seachtaine le hAoife Ní Shúilleabháin (Eagraí le SIPTU) agus Déaglán Dé Bréadúin (Tráchtaire & Colúnaí leis an Irish News).
    14 min
  • Tús Áite: Comhthéacs don chogadh san Úcráin
    Dúirt cigirí ó na Náisiúin Aontaithe go leanfaidh siad lena gcuairt ar ionad cumhachta núicléach san Úcráin atá gafa ag fórsaí na Rúise in ainneoin ionsaí airtléire in aice leis an ionad. Pléimid é seo agus comhthéacs an chogaidh le Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Tríonóide).
    21 min
  • Tús Áite: 1/9/22
    Inniu: Mícheál Ó Braonáin (Eagraí polaitíochta an Business Post), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta), Aonghus Ó Lochlainn (Léiritheoir agus Tuairisceoir), Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Tríonóide) agus meáin áitiúla le hEimear McGovern.
    49 min
  • Tús Áite: Ciapadh an phobail Uigiúraigh
    D’fhoilsigh na Naisiúin Aontaithe tuarascáil faoi chás na Uigiúrach sa tSín ina ndeir siad go bhfuil sárú ar chearta daonna ar bun. Labhraímid faoi seo le hAonghus Ó Lochlainn (Léiritheoir ag tuairisciú ar chúrsaí sa tSín).
    7 min
  • Tús Áite: Cáin rachmais
    Mhol an Coimisiún um Chánachas agus Leasa ardú ar cháin rachmais, réadmhaoine agus oidhreachta sa tuairisc atá seolta acu chuig an Roinn Airgeadais. Labhraímid faoi seo leis an Ollamh Brian Ó Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadas in Ollscoil Chathair BÁC).
    7 min