Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Bás Mikhail Gorbachev
    Bhásaigh Iar-Cheannaire an Aontais Shóivéadaigh Mikhail Gorbachev inné agus é bliain is nócha d’aois. Pléimid é seo le Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Tríonóide).
    9 min
  • Tús Áite: 31/8/22
    Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir, PA Media), Dara Calleary (Aire Stáit Fiontraíochta), Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, TCD), Brian Ó Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadas, DCU), Cormac McCashin (Bainisteoir scoileanna nua, an Foras Pátrúnachta), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis, UN) agus Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg).
    49 min
  • Tús Áite: Calleary ceaptha ina Aire Stáit
    Ceapadh Dara Calleary (Teachta Dála le Fianna Fáil) ina Aire Stáit sa Roinn Fiontraíochta agus é ag teacht i gcomharbacht ar Robert Troy, a d’éirigh as de bharr conspóide nuair nár chláraigh sé a réadmhaoin ina iomláine ar chlár leasanna na Dála. Labhraímid faoi seo leis ar an gclár.
    4 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Teip ar Stephen Donnelly réadmhaoin a chlárú in am agus Dara Calleary ceaptha ina Aire Stáit – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/ The Press Association).
    6 min
  • Tús Áite: Cogadh in Éimin
    Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil breis is 377,000 duine tar éis bháis mar gheall ar an gcogadh cathartha in Éimin le seacht mbliana anuas. Pléimid é seo le hAngus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe).
    9 min
  • Tús Áite: 25/8/22
    Inniu: John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Independent), Máirín Nic Gionnagáin (Cainteoir Gàidhlige), Roibeard Ó hEartáin (Oifigeach Forbartha na Mumhan, Tuismitheoirí na Gaeilge), Rónán Ó Muirthile (Ceann Dáimhe scannáin, IADT), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis, UN) & Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir don Corkman agus Seachtain).
    48 min
  • Tús Áite: Próiséas comhairliúcháin don Ghàidhlig
    Tá próiseás comhairliúcháin fógartha in Albain maidir lena bhfuil i ndán don Ghàidhlig agus moltaí á lorg ag an rialtas dá mbeartais. Pléimid é seo le Máirín Nic Gionnagáin (Cainteoir dúchais Gàidhlige) agus Roibeard Ó hEartáin (Oifigeach Forbartha na Mumhan, Tuismitheoirí na Gaeilge).
    13 min