Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Emily Maitlis agus an BBC
    Cháin an craoltóir agus iriseoir Emily Maitlis an BBC i léacht MacTaggart ag Féile Teilifíse Dhún Éideann inné agus amhras á chaitheamh aici ar neamhlaofacht an stáisiúin. Labhraímid faoi seo le Rónán Ó Muirthile (Ceann Dáimhe scannáin agus meáin in IADT).
    12 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Robert Troy éirithe as mar Aire Stáit, staitisticí fostaíochta na tíre agus cruinniú éigeandála ag Coiste fuinnimh an Oireachtais – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent).
    9 min
  • Tús Áite: Mír na Leabhar
    Tugann Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg) a léirmheas dúinn ar eagrán mhí Lúnasa d’iris Comhar agus leabhair Reics Carló, “Na Mairbh a d’Fhill” agus “An tEitleán Dofheicthe” le Cathal Ó Sándair (athfhoilsithe ag an Gúm).
    8 min
  • Tús Áite: Conspóid Robert Troy
    Dúirt an tAire Comhshaoil agus Iompar Poiblí Eamon Ryan inniu gur chóir do choiste smachta an Oireachtais cás Robert Troy a iniúchadh. Pléimid é seo le Peadar Tóibin (TD le hAontú).
    10 min
  • Tús Áite: 6 mhí ó thosaigh cogadh na hÚcráine
    Tá Lá Neamhspleachás na hÚcráine á cheiliúradh inniu ach i mbliana tagann an lá sé mhí ó thosaigh ionradh na Rúise ar an tír. Pléimid é seo le Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall d’Óglaigh na hÉireann) agus Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA i gCív, ach í lonnaithe in Éirinn anois).
    16 min
  • Tús Áite: 24/8/22
    Ar an gclár inniu: John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent), Peadar Tóibin (TD le hAontú), Eoghan Corry (Iriseoir taistil), Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall d’Óglaigh na hÉireann), Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA) agus Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg).
    49 min
  • Tús Áite: Deacrachtaí múinteoirí a earcú
    Deir Aontas Múinteoirí Éireann gur in olcas a rachaidh an géarchéim earcaíochta do scoileanna mar gheall ar an ardú atá tagtha ar an gcostas maireachtála. Labhraímid faoi seo le John Mac Gabhann (Ard-Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Éireann).
    12 min