Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoin rath atá ar luthchleasaithe na hÉireann, Éire i gcoinne na Seapáine i rugbaí na mban agus Dessie Farrell ag fanacht le foireann BhÁC i bpeil na bhfear.
    8 min
  • Tús Áite: Conas éileamh ar leictreachas a laghdú
    Tá dushlán tugtha ag an gCoimisiún Um Rialáil Fóntais do na comhlachtaí soláthar leictreachais éileamh ar leictreachas a laghdú ag amanta ardéilimh. Pléimid é seo le Brian Ó Ceallaigh (Saineolaí agus Léachtóir airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
    10 min
  • Tús Áite: 19/8/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Brian Ó Ceallaigh (Léachtóir airgeadais in DCU), Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa & Craoltóir le Raidió na Life), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Gníomhaí Teanga), Niamh Ní Dhrisceoil (Múinteoir), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    48 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Teifigh ón Afganastáin, easpa lóistín do theifigh agus mic léinn agus múrphictiúr Kneecap – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil agus Craoltóir le Raidió na Life) agus Ciarán Mac Giolla Bhéin (Gníomhaí Teanga).
    13 min
  • Tús Áite: Teifigh ón Afganastáin in Éirinn
    Tá bliain ann ó tháinig an Taliban i gcumhacht san Afganastáin ach tá dúshláin éagsúla ó theifigh na hÚcráine ag teifigh ón Afganastáin agus iad ag teacht go hÉirinn. Labhraímid faoi seo le Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota & Ollscoil Uladh agus Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna do na Náisiún Aontaithe).
    10 min
  • Tús Áite: Dearcadh agus Deacrachtaí an Pholaiteora Óig
    Scaipeadh físeán ar na meáin shóisialta de Phríomh-Aire na Fionlainne, atá 36 bliain d’aois, agus í ar ragairne lena cairde, ach tá roinnt daoine á cáineadh anois dá bharr. Pléimid é seo le hAisling Reilly (Comhalta den Tionól Reachtach le Sinn Féin) agus Naoise Ó Cearúil (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil agus Iar-Mhéara Chill Dara).
    11 min