Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    An Taliban san Afganastáin le bliain, toghchán uachtaránachta na Brasaíle agus toghchán na Céinia – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le hAlex Hijmans (Údar agus Iriseoir sa Bhrasaíl) agus Caoimhe De Barra (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Trócaire).
    17 min
  • Tús Áite: Múrphictiúr Kneecap agus an PSNI
    Inné phléamar an conspóid mar gheall ar mhúrphictiúr a nocht an rapghrúpa Gaelach Kneecap i mBéal Feirste ina bhfuil Land Rover de chuid an PSNI le feiceáil trí thine. Inniu faighimid comhthéacs ó na sé chondae mar gheall ar an scéal le hEdel Ní Chuirreáin (Iriseoir i mBéal Feirste) agus Grian Ní Dháimhín (a bhí ag Féile an Phobail).
    14 min
  • Tús Áite: 16/8/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Edel Ní Chuirreáin (Iriseoir i mBéal Feirste), Grian Ní Dháimhín (bean ó Thír Eoghain a bhí ag Féile an Phobail), Alex Hijmans (Údar agus Iriseoir sa Bhrasaíl), Caoimhe De Barra (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Trócaire) agus seoid na hÉireann le Diane Ní Fhlatharta.
    47 min
  • Tús Áite: 15/8/22
    Ar an gclár inniu: Lorraine Clifford-Lee (Seanadóir le Fianna Fáil), Peadar Ó Caomhánaigh (Comhairleoir neamhspleách agus iar-Mhéara BhÁC Theas), Aindrias Ó Cathasaigh (Údar agus Staraí), Colleen Baxter (Eagraí Comhdhálacha) agus Anna Heussaff (Scríbhneoir).
    48 min
  • Tús Áite: Easpa soláthair don Ghaeloideachas
    Tá Tuairisc.ie ag tuairisciú inniu go ndeir eagraíochtaí teanga agus oideachais go bhfuil cur chuige i bhfad níos uaillmhianaí ag teastáil i leith an ghaeloideachais má tá an rialtas lena sprioc earcaíochta 20% i leith na Gaeilge a bhaint amach. Pléimid é seo leis an bpainéal.
    12 min
  • Tús Áite: Múrphictiúr Kneecap
    Tá conspóid mar gheall ar mhúrphictiúr a nocht an rapghrúpa Gaelach Kneecap i mBéal Feirste ina bhfuil Land Rover de chuid an PSNI le feiceáil trí thine. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    13 min