Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 12/8/22
    Ar an gclár inniu: Frank Ryan (Cathaoirleach an IDA), Dr Niall Ó Cléirigh (Dochtúir teaghlaigh), Niall Comer (Cathaoirleach Chomhaltas Uladh, ach ag labhairt ar bhonn phearsanta), Diarmuid de Faoite (Aisteoir), Antóin Beag Ó Colla (Scríbhneoir scripte), Ursula Ní Shabhaois (Stiúrthóir Cinnteacht) agus spóirt le Cuán Ó Flatharta.
    48 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi Chathaoirleach agus Príomhfheidhmeanach Chumann Dornálaíochta Amaitéaraí na hÉireann ag éirí as agus Davy Fitz ina bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta Phort Láirge.
    7 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Tuarascáil Daft.ie, cosc an IRFU ar mhná trasinscneacha agus ruathar an FBI ar theach Trump – pléimid príomhscéalta na seachtaine le hAntoin Beag Ó Colla (Scríbhneoir scripte) agus Ursula Ní Shabhaois (Stiúrthóir Cinnteacht).
    14 min
  • Tús Áite: Seoid na hÉireann
    Cén áit in Éirinn ar cheart do gach Éireannach cuairt a thabhairt uirthi roimh bháis? Deir Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh) gurb í Guagán Barra an áit is deise.
    8 min
  • Tús Áite: 11/8/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Brian Ó Ceallaigh (Léachtóir airgeadais, DCU), Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn), Ferdia McCann (Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann), Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCC) agus meáin áitiúla le hÁine Mhaoir.
    50 min
  • Tús Áite: Banda nua cánach 30%
    D’fhógair an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go bhféadfaí banda cánach 30% a chur i bhfeidhm i measc tacaíochtaí airgid eile le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála sa Cháinaisnéis. Labhraímid faoi seo le Brian Ó Ceallaigh (Saineolaí agus Léachtóir airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
    7 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Tuarascáil ón Lár-Oifig Staidrimh faoin gcostas maireachtála, ráiteas ó Aontas na Mac Léinn faoi fhadhbanna tithíochta agus cinneadh conspóideach ón IRFU a chuireann cosc ar mhná trasinscneacha rugbaí teagmhála a imirt – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    11 min