Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Foláireamh Aimsire
    Tá Foláireamh Ard-Teochta Buí le teacht i bhfeidhm don tír ar fad tráthnóna amárach agus tonn teasa eile tagtha chun na tíre. Labhraímid faoi seo le Ferdia McCann (Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann).
    6 min
  • Tús Áite: Mír na Leabhar
    Tugann Áine Ní Ghlinn a léirmheas dúinn ar ‘Do Chodladh Beag’ le Dr Anne Marie Crowe (foilsithe ag an Gúm) agus ‘An Slipéar Gloine’ le Fearghas Mac Lochlainn agus Paddy Donnelly (foilsithe ag Futa Fata).
    11 min
  • Tús Áite: 10/8/22
    Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Clíodhna Ní Dhufaigh (Comhordaitheoir Tionscadal le Conradh na Gaeilge), Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus láithreoir That Great Business Show), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá), Aengus Mac Grianna (Iar-Láithreoir nuachta) agus leabhair le hÁine Ní Ghlinn.
    49 min
  • Tús Áite: Easpa tithíochta ar cíos
    Ní raibh ach 716 áit chónaithe sa tír ar fáil ar cíos ag tús na míosa dar le tuarascáil nua Daft.ie. Pléimid é seo le Clíodhna Ní Dhufaigh (Comhordaitheoir Tionscadal le Conradh na Gaeilge, ach ag labhairt ar bhonn pearsanta) agus Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus láithreoir That Great Business Show).
    14 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Tuarascáil nua cíosa Daft.ie, ráiteas ón Roinn Tithíochta agus cáineadh ó Urlabhraí Tithíochta Shinn Féin – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media).
    8 min
  • Tús Áite: Trump le fianaise a thabhairt
    Tá fiosrúchán á dhéanamh ar Donald Trump i Nua Eabhrac maidir le himghabháil cánach, rud a thagann sna sála ar an ruathar a rinne an FBI Dé Luain ar a theach in Florida. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    7 min
  • Tús Áite: Fás Thriftify
    D’fhógair an fiontar sóisialta Thriftify go bhfuil siad le 20 post nua a chruthú agus go bhfuil infheistíocht nua €1.6 milliún faighte ag an gcomhlacht. Labhraímid faoi seo le Rónán Ó Dálaigh (Príomhfheidhmeannach Thriftify).
    7 min