Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Cás Cúirte Alex Jones
    Ciontaíodh an craoltóir conspóideach Alex Jones inné i gcúirt in Texas ar son an méid a bhí le rá aige i dtaobh eachtra thragóideach Sandy Hook inar maraíodh 20 dalta scoile agus seisear múinteoirí sa bhliain 2012. Labhraímid faoi seo le Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey).
    7 min
  • Tús Áite: 5/8/22
    Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey), Anna Heussaff (scríbhneoir), Macdara Mac Donncha (Tráchtaire spóirt), Seoid na hÉireann le Fachtna Ó Drisceoil, spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    49 min
  • Tús Áite: Seoid na hÉireann
    Cén áit ar cheart do gach Éireannach cuairt a thabhairt uirthi? Tugann Fachtna Ó Drisceoil an gearrliosta dúinn. Caith do vóta anseo: https://www.surveymonkey.com/r/MYHTQD9
    4 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Litir Sabina Higgins, Nancy Pelosi sa Téaváin, Liz Truss i gcoinne neamhspleáchas na hAlban agus cáin amhantair ar chomhlachtaí ola – pléimid príomhscéalta na seachtaine le hAnna Heussaff (scríbhneoir) agus Macdara Mac Donncha (Tráchtaire spóirt).
    21 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi Chill Chainnigh agus Corcaigh a bheith i gcoinne a chéile i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann ar an Domhnach, bainisteoir nua ag foireann iománaíochta Chill Chainnigh agus scéal an chispheileadóra Brittney Griner atá gafa sa Rúis.
    7 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cáin amhantair le gearradh ar chomhlachtaí ola le brabús mór agus dlithe nua a bhaineann le clubanna a bheith oscailte déanach san oíche – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    8 min
  • Tús Áite: Brabús na gcomhlachtaí ola & gáis
    Mhol Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, do rialtais na cruinne cáin amhantair a ghearradh ar chomhlachtaí ola agus gáis, tar éis do BP a fhógairt go raibh brabús $8 milliún acu thar tréimhse trí mhí. Pléimid é seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir Eacnamaíochta, Institiúid Teicneolaíochta BÁC).
    9 min
  • Tús Áite: Pacáistiú dátheangach agus bileoga brocacha
    Chuir Údaras Uchtála na hÉireann leabhrán dátheangach ar fáil faoin Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú 2022 ach tá caighdeán an aistriucháin le fiosrú acu i ndiaidh do dhaoine gearáin a dhéanamh faoi. Pléimid é seo le Julian De Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge).
    7 min
  • Tús Áite: 4/8/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Seán Byrne (Iar-Léachtóir Eacnamaíochta, Institiúid Teicneolaíochta BÁC), Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh), Julian De Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge), Brónagh Ní Chuilinn (Bainisteoir imeachtaí san Astráil) agus meáin áitiúla le Cian Molloy.
    47 min