Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cuairt an Taoisigh ar Chorca Dhuibhne, tionchar bharrachas an státchiste ar an gcáinfhaisnéis agus feachtas vacsaínithe don bholgach moncaí – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    6 min
  • Tús Áite: Cianobair ar oileán Bali
    Tá an Indinéis ag mealladh cianoibrithe chun na tíre le Víosa Fánaí Digiteach, rud a ligeann d’oibrithe a bheith ina gcónaí ann gan cáin a íoc. Labhraímid faoi seo le Brónagh Ní Chuilinn (Bainisteoir imeachtaí san Astráil, ach atá lonnaithe ar oileán Bali faoi láthair).
    10 min
  • Tús Áite: Dlithe ar fhoréigean baile
    Tá dlithe nua le teacht i bhfeidhm a bhaineann le foréigean baile, rud a chiallaíonn go n-ardóidh an téarma príosúnachta is mó a ghearrfar ar dhuine a ionsaíonn duine eile sa bhaile ó chúig bliana go deich mbliana. Labhraímid faoi seo le Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh).
    6 min
  • Tús Áite: Agóid i gcoinne LNG
    Tá campa agóide curtha ar bun i bpáirc i dTuaisceart Chiarraí ag feachtasóirí i gcoinne plean chun críocphort gás leachtaithe nádúrtha a thógail in Inbhear na Sionnaine. Pléimid é seo le Sinéad Mercier (Léachtóir sa Dlí Cosanta Comhshaoil, Coláiste na hOllscoile BÁC).
    6 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Conspóid fós faoi litir Sabina Higgins, bac ag an DUP ar Cheann Comhairle a thoghadh in Stormont agus tionchar thoghchán an Pháirtí Chaomhaigh ar Stormont – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/the Press Association).
    7 min
  • Tús Áite: Colún – a bheith aerach sa Rúis
    D’fhógair beirt imreoir spóirt ón Rúis le dhá mhí anuas gur daoine aeracha iad, rud a tharraing aird ar an gcaoi a gcaitear le daoine aeracha sa tír. Sa cholún seo, tugann Nikita Koptev (Béaloideasóir ón Rúis) aghaidh ar a thaithí féin mar dhuine aerach ón Rúis.
    8 min
  • Tús Áite: 3/8/22
    Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le ZMINA), An tOllamh Brian Ó Broin (Údar, Tráchtaire agus Ollamh in Ollscoil William Patterson), Sinéad Mercier (Léachtóir sa Dlí Cosanta Comhshaoil, Coláiste na hOllscoile BÁC), Nikita Koptev (Béaloideasóir ón Rúis) agus leabhair le hÁine Ní Ghlinn.
    50 min
  • Tús Áite: Litir Sabina Higgins
    Shéan an Taoiseach Micheál Martin go raibh náire ar an rialtas mar gheall ar an gconspóid faoi litir Sabina Higgins faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin. Pléimid é seo le Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA i gCív, ach í lonnaithe in Éirinn anois).
    11 min